Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Toddy O’Sullivan

Dáta: Dom 12th Nol, 2021 | 13:41

“Cuimhneofar ar Toddy O’Sullivan mar dhuine de na baill ba chineálta san Oireachtas. Tharla go raibh sé de phribhléid agam a bheith i mo chomhghleacaí dá chuid, is féidir liom sin a dhearbhú. 
 
Bhí grá mór aige do Chorcaigh ina gnéithe go léir, ba chuma cé acu stair, polaitíocht, spórt nó pearsantacht a bhí i gceist.
 
Ba chara mór le Frank Cluskey, nach maireann, a bhí ann agus nuair a bhí Frank ar leaba an bháis, níor fhill Toddy ar Chorcaigh riamh gan cuairt a thabhairt air.
 
Is féidir linne go léir a bhí inár mbaill de Chumann Oibrithe na hÉireann  (F.W.U.I.) cuimhneamh ar cé chomh prionsabálta mar cheardchumannaí is a bhí sé.
 
Mar Theachta Dála, mar Aire Stáit, rinne sé a chion oibre. Rinne sé amhlaidh mar Mhéara Chorcaí – buaicphointe phearsanta dó féin le linn a shaoil mar ionadaí áitiúil.
 
Ach is mar gheall ar a fhéith ghrinn chroíúil a chuimhneoidh a chairde air, mar a chuimhneoidh mé féin, agus ar a luaineacht  a bhíodh spreagtha ag a chuibhiúlacht agus ag an ngá, dar leis, a bhí leis an athchóiriú.”