Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Tom MacIntyre

Dáta: Déa 31st Dei, 2019 | 14:37

Is caillteanas an-mhór do shaol an léinn agus na taibhealaíne atá i mbás Tom MacIntyre, drámadóir, file agus údar. 

Bhí sé ina bhall d'Aosdána ar feadh na scórtha bliain agus bhí an úrnuacht, an misneach agus an briseadh talaimh nua i dtéarmaí na cruthaitheachta maidir le haisteoirí, lucht stáitse agus lucht féachana ag baint lena chuid oibre. Aireoidh a chomhoibrí den scoth i gcuid mhaith d'obair MacIntyre go mór uaidh é - is é sin Tom Hickey. 

B'éacht iontach i mbailiúchán saothar den scoth a bhí in The Great Hunger de chuid Tom MacIntyre, comhshaothar le Patrick Mason agus Tom Hickey a raibh dea-cháil air. Agus é ag obair in dhá teanga léirigh a Caoineadh Airt Uí Laoghaire a bhua a bheith ábalta croí an chaillteanais thubaistigh a thiomsú, agus buntáiste ceart a bheith ina chumas dátheangach. 

Léirigh a chuid filíochta agus gearrscéalta a ngríosuithe eisíocha, agus a dhílseacht do dhlúithe an Chabháin agus go háirithe dá mhuintir idir bheo agus mharbh.

Ba é an féinuiríoll The Gallant John Joe, á léiriú ar stáitse ag Tom Hickey, an taibhiú deireanach dá chuid a raibh sé de phribhléid agam féin agus Saidhbhín freastal air. 

Fuair saothar Tom MacIntyre ardmholadh, ní hamháin sa bhaile ach thar lear chomh maith, mar ar tharraing na téamaí agus na suíomhanna bunaidh aird stiúrthóirí óga agus aosta. Ba thabhartas ar leith a bhí ann é a bheith mar chara agam.

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá bhean Celine agus dá chlann Deirdre, Darragh, Desmond agus Tadhg, agus ar ndóigh dá chomhoibrí iontach Tom Hickey a aireoidh uaidh é ar bhealach an-speisialta. 

Maireann an saothar agus leanfaidh sé ag ár spreagadh.