Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán - Timpiste aeir san Aetóip

Dáta: Dom 10th Már, 2019 | 20:57

“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhrón a chur in iúl mar gheall ar na daoine ar fad a bhásaigh go tragóideach sa timpiste aeir san Aetóip agus ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh ó mhuintir na hÉireann leis na teaghlaigh agus leis na pobail ar fad a chaill daoine. 

Tá tionchar ag an tragóid seo ar go leor daoine, bhí paisinéirí as níos mó ná 30 tír agus ó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta ar bord na heitilte.

Go háirithe, ba mhaith liom bás Micheál Ryan, a bhí ar an eitilt mar gheall ar a chuid oibre sa chúnamh daonnúil don Chlár Domhanda Bia, a chásamh lena theaghlach.

Thar mo cheann féin agus thar ceann mhuintir na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí leis an Uachtarán Sahle-Work Zewde, le teaghlaigh na ndaoine ar fad a bhásaigh agus le muintir na hAetóipe, agus le pobal na hAetóipe atá ina gcónaí anseo in Éirinn.”