Statement by President Michael D. Higgins on the tsunami in Indonesia
Dáta: Dom 23rd Nol, 2018 | 10:10
“Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir na hIndinéise mar gheall ar bhás daoine i ndiaidh an chreatha talún agus an tsúnámaí a bhuail Iáva agus Sumatra.
Cuirim mo chomhbhrón chucu siúd ar bhásaigh daoine muinteartha leo agus baill a bpobal, agus chucu siúd a gortaíodh nó ar chuir an tubaiste isteach orthu ar aon bhealach eile.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leo siúd go léir atá tar éis teacht i gcabhair ar na híospartaigh, agus a dhearbhú do mhuintir na hIndinéise go bhfuil dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann leo á cur in iúl agam.”