Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ar na dóiteáin foraoise sa tSile

Dáta: Lua 6th Fea, 2023 | 17:12

"Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh thar ceann mhuintir na hÉireann le hUachtarán na Sile, Gabriel Boric, agus leo siúd go léir ar cailleadh daoine muinteartha leo nó atá ag streachailt leis an saol mar gheall ar na dóiteáin foraoise  a tharla trasna lár na Sile le roinnt laethanta beaga anuas. 
 
In am coscrach mar sin, tá sé praiticiúil agus siombalach araon, agus is léas dóchais é, a bheith ag léamh faoin gcomhoibriú atá á dhéanamh ag tíortha máguaird agus iad ag déileáil leis an tragóid sin, chomh maith le bheith ag léamh na ráiteas atá déanta ag comharsana dá leithéidí maidir le gealltanas seasamh le chéile chun réigiún comhroinnte na hAmasóine a chosaint."