Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar thuilte sa Phacastáin

Dáta: Céa 7th Meá, 2022 | 10:40

“Tá scáth ar phobal an domhain de bharr na géarchéime daonnúla leanúnaí atá ag titim amach tar éis thuilte monsúin na Pacastáine, anuas ar an mbagairt láithreach atá ann go rachaidh Loch Manchar thar bruach. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an pobal idirnáisiúnta a machnamh ar thionchar tubaisteach an athraithe aeráide ar dhaonraí leochaileacha an domhain. 
 
Tá tionchar an athraithe aeráide ar an té is lú freagraí soiléir do chách, is cuma má táimid ag labhairt faoin bPacastáin, áit a bhfuil beagnach 30% den talamh faoi uisce tar éis na dtuilte is déanaí, nó faoi Chorn na hAfraice, an tSomáil san áireamh, atá faoi bhagairt gorta don tríú huair le tríocha bliain anuas.

Tá na tíortha seo, atá i measc na dtairgeoirí astaithe is lú ar domhain, i gcontúirt de bharr gur theip ar an domhan forbartha dul i ngleic leis an ngéarchéim dhomhanda aeráide.  
 
Anuas ar an ngéarghá atá ann do chabhair dhaonnúil, tá sé thar am go rachfar i ngleic leis na constaicí atá leagtha os comhair na troda in aghaidh athraithe aeráide. 


Le beatha daoine faoi bhagairt agus méid ollmhór tithe scriosta, in ainneoin thacaíocht na Náisiún Aontaithe, trí Chúnamh Éireann, tá freagra dlite ag ionadaithe Rialtas na Pacastáine ó Cheanna Stáit agus ó Cheanna Rialtais ar a n-iarratas cúnaimh ó thíortha saibhre le tionchar an athraithe aeráide a mhaolú. 
 
Sa chomhthéacs seo, ní bheadh sé oiriúnach neamhaird a dhéanamh ar na ráitis ó Aire um an Athrú Aeráide na Pacastáine, Sherry Rehman agus ó bhaill rialtais eile, mar aon le machnamh a dhéanamh ar an gcúiteamh atá i ndán do na náisiún éagsúla atá ag dul i ngleic le tubaistí aeráide. 
 
Mar Uachtarán na hÉireann, seasaim le hAire um an Athrú Aeráide Sherry Rehman agus leo siúd ar fad a rinne an t-iarratas seo ar son mhuintir na Pacastáine’.