Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Mhíchíl D. Uí Uigínn ar bhás Noel Treacy

Dáta: Céa 2nd Fea, 2022 | 12:37

“Is cúis mhór bhróin í do mhuintir polaitíochta agus spóirt na Gaillimhe a chloisteáil gur bhásaigh Noel Treacy.
 
Bhí Noel ina ionadaí ar mhuintir Iarthar na Gaillimhe mar TD le beagnach 30 bliain anuas, agus bhí sé ina ionadaí poiblí agus mar Aire Stáit díograiseach thar réimse leathan punann ina shaol polaitiúil. Mar pharlaiminteoir a raibh bealach deas agus dea-mhúinte aige, bhí sé tiomanta dá chuid thoghthóirí.
 
Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Mary, a pháistí agus a gharpháistí, agus lena theaghlach agus a chairde.
 
Suaimhneas síoraí dá anam.”