Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar chomhaontú Chonradh Na Mórmhara, NA

Dáta: Dom 5th Már, 2023 | 11:12

“Ag am a bhfuilimid ag fáil na bhfoláirimh is tubaistí mar thoradh ar leá na n-oighearchaidhpeanna, is tráthúil an nuacht seo ó Nua-Eabhrac gur tháinig na Náisiúin Aontaithe ar chomhaontú thar oíche maidir le Conradh na Mórmhara.

Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim fáilte roimh an gcomhaontú seo agus is cinnte gur bua é do thodhchaí an chine dhaonna. 

Tá comhaontú an Chonartha seo lenár mara a chosaint go mór thar am, gan ach 1.2% den mhórmhuir cosanta faoi láthair. 

Beidh an té a bhfuil spéis faoi leith acu i dtodhchaí an phláinéid an-buíoch dóibh siúd a bhfuil blianta fada caite acu i mbun oibre leis an bpointe seo a shroicheadh, an chéad chomhaontú idirnáisiúnta ar chosaint na mara ó síníodh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige  i 1982.

Tá Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid na NA tiomanta do chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe na mara, na bhfarraigí agus na n-acmhainní mara, agus cuideoidh an comhaontú seo leis an aidhm sin a fhíorú.

Tá sé ríthábhachtach go ndíreofar anois gan mhoill ar ghlacadh, ar dhaingniú, agus ar chur i bhfeidhm an téacs. 

Ní tráth moille é má tá an gealltanas 30x30 le baint amach, agus aon trian den fharraige a chosaint faoi 2030, a bhí déanta ag tíortha ag comhdháil bhithéagsúlachta na NA i mí na Nollag. Is sprioc í seo ar chóir di a bheith ina túsphointe.

Tagann an scéala seo tar éis Chuairt Stáit Uachtarán Mhálta chun na hÉireann, an Dr. George Vella, a raibh sé mar thús áite aige a phlé liom le linn ár gcruinnithe i gcaitheamh na seachtaine."