Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ag comóradh Lá Domhanda na Litearthachta

Dáta: hAo 7th Meá, 2018 | 13:51

“Ar Lá Domhanda na Litearthachta (8 Meán Fómhair), agus sinn inár mbaill de chlann na Náisiún Aontaithe, gríosaítear sinn le haitheantas a thabhairt do ríthábhacht an oideachais agus na litearthachta. 

Is réamhchoinníoll atá riachtanach chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an NA a bhaint amach atá sa Litearthacht Fheidhmeach do chách. Athraíonn an litearthacht saol na ndaoine ó bhonn, cuireann sí deiseanna ar fáil agus cothaíonn sí feidhmiú daonlathach na sochaí.  

Ar an lá seo atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, iarrtar orainn na hiarrachtaí a theastaíonn chun an litearthacht a bhaint amach mar cheart bunúsach do chách a chur i gcuimhne dúinn féin.  

Ar Lá Domhanda na Litearthachta, admhaímis, chomh maith, an saol mar atá agus sinn sa ré digiteach, mar a bhfuil eolas agus inniúlachtaí ag forbairt go leanúnach, agus geallaimis iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun an éagothroime a laghdú agus bearna na scileanna litearthachta a dhúnadh.”