Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun comóradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na mBeach 2019

Dáta: Dom 19th Bea, 2019 | 13:28

“Ar Lá Domhanda na mBeach na Náisiún Aontaithe, cuirtear i gcuimhne dúinn chomh tábhachtach is atá beacha agus pailneoirí eile inár ndomhan idirspleách agus an gá le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus bainistíocht fál sceach a chur chun cinn mar aon leis an gcaoi gur féidir linn ar fad cabhrú trí thimpeallacht oiriúnach a chothú agus a chur ar fáil dár mbeacha.
Braitheann an cine daonna ar phailneoirí. Tá siad ríthábhachtach don slabhra bia domhanda. Ach, caithfimid a admháil gur chuir ár ngníomhaíochtaí – lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, uirbiú, bainistíocht talún, truailliú comhshaoil agus an ghéarchéim aeráide – ár ndomhan feithidí i mbaol géar. 
Mar sin inniu, úsáidfimid Lá Domhanda na mBeach, agus Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta, chun eolas agus feasacht ar an tábhacht a bhaineann leis an domhan beo a mhéadú agus a scaipeadh, agus déanfaimid tiomantas do ghníomhaíocht ar leith lena chinntiú go mairfidh gach speiceas beacha agus pailneora na hÉireann.
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo siúd atá i mbun gníomh cheana féin, agus dóibh siúd a chaomhnaíonn ár gcomhshaol ina éagsúlachta ríthábhachtach ar fad, agus tá mé ag súil go spreagfaidh Lá Domhanda na mBeach agus Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta go leor daoine eile le dul leo agus lena fháil amach cén chaoi gur féidir leo a bheith mar chuid den athrú práinneach is gá dúinn a bhaint amach dár nglúin agus do na glúnta inár ndiaidh.”