Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí

Dáta: Lua 11th Bea, 2020 | 14:04

Tá an ráiteas seo a leanas eisithe ag an Uachtarán Ó hUigínn, chun Lá Idirnáisiúnta na nAltraí a cheiliúradh, 12 Bealtaine 2020:

“Inniu, ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí, táimid ag ceiliúradh cion oibre na n-altraí, nach féidir luach a chur air, ar son folláine agus sláinte an domhain. Tá breith Florence Nightingale, bunaitheoir an altranais nua-aimseartha, a rugadh dhá chéad bliain ó shin cothrom na bliana seo á cheiliúradh againn, is cúis áthais agus phribhléide an deis a bheith ann aitheantas a thabhairt don ionchur ag 67,000 altra agus mná cabhracha i sochaí na hÉireann.

Inniu, is ionann an 22 milliún altra agus an 2 mhilliún bean chabhrach agus thart ar leath den lucht saothair cúram sláinte ar fud an domhain. Is cuí, mar sin, gurb é téama Lá Idirnáisiúnta na nAltraí “Glór Ceannasach – An Domhan á Thabhairt Chun Bisigh”.

Inniu, iarrtar orainn páirt na n-altraí inár saol, roimhe seo agus sa todhchaí, a cheiliúradh. Tá ról bunúsach acu, agus faoi láthair is ról rí-thábhachtach atá ann, agus tíortha ar fud an domhain ag dul i ngleic le géarchéim phaindéim Covid-19 agus a hiarmhairtí tragóideacha.

Tá aitheantas tugtha ag Éirinn do ghairmeacha an altranais agus an chnáimhseachais le 100 bliain agus os a chionn. Sa bhliain 2018 rinneamar ceiliúradh ar an gcéad údarás rialála don chnáimhseachas, Bord Lárnach na hÉireann, a bunaíodh céad bliain roimhe sin agus a tionóladh den chéad uair i dTeach an Chustaim ar an 1 Deireadh Fómhair 1918. An bhliain dar gcionn bunaíodh Ardchomhairle Altraí Éireann mar an údarás rialála d’altraí. Bunaíodh An Bord Altranais faoi Acht na nAltran, 1950 chun feidhmeanna an dá chomhlacht sin a ghlacadh chuige féin. In 2011 rinne Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach athchóiriú ar rialáil agus cleachtas na n-altraí agus na mban cnáimhseach agus bhunaigh sé Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.

Níl aon amhras ach go mbíonn freagracht mhór ar dhaoine a bhíonn ag obair i ngairm an altranais agus go mbíonn an obair dúshlánach ó thaobh an choirp, na hintinne agus an mhothúcháin de.

Chun tabhairt faoi ghairmréim dá leithéid, teastaíonn cáilíochtaí áirithe ionas go mbeidh sé ina eispéireas sásúil agus saibhrithe don othar agus don ghairmí araon. Ach fós is rud é a roghnaíonn daoine mar go bhfuil an diongbháilteacht, an comhbhá agus an tiomantas acu chun ionchur chomh dearfach sin a bheith acu sa todhchaí.

Is ionchur an-dearfach atá ann gairm a bheith agat ina n-úsáideann tú do chuid eolais agus scileanna chun fulaingt duine a mhaolú , agus is ceann í a bhfuil meas uirthi ag méadú le tamall anuas. 

Dóibh siúd a roghnaíonn obair mar altraí agus mar mhná cnáimhseachais, ciallaíonn sé go mbíonn teagmháil acu leis an bpian, leis an bhfulaingt, leis an bhfaitíos, leis an imní agus le traochadh othar, a gclanna agus a muintir, chomh maith lena n-áthas agus a bhfaoiseamh – raon iomlán mothúcháin an duine. Is féidir go mbeadh eispéaras an-tuirsiúil agus uaigneach ó thaobh mothúcháin de ag baint le cuid mhaith othar agus a muintir , agus iad ag glacadh le diagnóis dheacair, ag déanamh a mbealaigh i gcóras sláinte casta agus na cinntí agus roghanna atá riachtanach lena chinntiú go bhfaighidh siad nó a nduine muintire an cúram is fearr á ndéanamh acu. Is minic gur luachmhar an obair dhúshlánach atá le déanamh ag altraí agus cúnamh á thabhairt acu dóibh ar an turas éilitheach sin, agus tráth scanrúil agus dúshlánach á dhéanamh níos éasca acu lena gcomhbhá agus a gcúram.

Agus sinn ag teacht amach as an ngéarchéim seo, tá sé rí-thábhachtach go gcuimsítear an chríonnacht atá diansaothraithe ó phaindéim Covid-19 in pé leagan den tsochaí agus den gheilleagar a thiocfaidh as. Beidh claochlú cognaíoch riachtanach maidir leis an tslí a bhféachtar ar chaiteachas stáit agus poiblí i réimsí ar nós na sláinte, a bhíodh á cur i láthair go gearr-radharcach mar chostas nó mar ualach.

Ní mór dúinn, freisin, an chríonnacht atá diansaothraithe maidir le luach na n-oibrithe ar an líne thosaigh, leithéidí altraí, agus iad siúd atá ag soláthar seirbhísí riachtanacha ar fud an gheilleagair a chuimsiú chomh maith. Ba mhór an trua é dá ndéanfaimis, mar shochaí, trí chineál díchuimhne choiteann éigin, neamhaird go brách de bhur n-iarrachtaí éachtacha, agus dul ar ais chuig an áit ina rabhamar roimh an ngéarchéim – sochaí ar theip uirthi uaireanta meas a thabhairt daoibh go hiomlán.

Ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí seo, agus sinn ag leanúint le dul i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19, cuimhnímis go léir ar ionchur ghairm an altranais agus ar na mná agus na fir go léir atá fós ag cur a mbeatha agus a slándáil i mbaol chun tacú linne, agus sinn ag éirí amach go mall as an tráth dorcha seo go dtí tráth an dóchais.

Beir beannacht.”