Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn

Dáta: Sat 16th Aib, 2022 | 13:41

“Is cinnte go bhfuilimid ag smaoineamh le cúpla lá anuas ar ár bpobal LADTA+ agus is údar mór misnigh é an racht dlúthpháirtíochta seo a fheiceáil. Tuigim go bhfuil seo tar éis sólás a thabhairt do go leor daoine in am an chiaptha, agus is mian liom mo thacaíocht agus mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dóibh siúd a ndeachaigh na himeachtaí millteanacha seo a thit amach le déanaí i bhfeidhm go mór orthu. 

Tá sé tábhachtach go dtapaímid an deis seo le tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an spás poiblí atá á chruthú againn mar shochaí, agus an tsaoirse agus an tsábháilteacht inti. Maidir le hiompar, le síocháin agus léiriú ceana, caithfear an cheist a chur an bhfuil an spás cothrom do bhaill an phobail LADTA+?

Seacht mbliana is an mhí seo chugainn, cuimhneoimid ar vóta ollmhór an phobail ar son an phósta chomhionainn do bhaill an phobail LADTA+. Ba chloch mhíle shuntasach ab ea í, agus ráiteas soiléir ó mhuintir na hÉireann go bhfuil cách i dteideal aitheantas dlíthiúil dá gcaidrimh, is cuma cén gnéaschlaonadh atá acu. 

Seacht mbliana níos déanaí áfach, i dtaca leis an iompar, cloisimid ar bhonn rialta faoi bhaill an phobail aeraigh ag dul i ngleic le tráchtanna agus maslaí homafóbacha, go minic gan freasúra. Faraor, cloisimid freisin faoi chairde agus bhaill teaghlaigh nach mothaíonn ar a gcompord a bheith i ngreim láimhe lena bpáirtí, a bhfir céile nó a mbean chéile, go poiblí. Tugann seo le fios go bhfuil timpeallacht ann a ghlacann le gnéaschlaonadh duine de réir an dlí, ach nach gceadaítear léiriú an ghrá céanna. Caithfimid níos fearr a dhéanamh. 

Caithfear dul i ngleic leis an spadántacht a chuireann bac ar bhaill an phobail LADTA+ iad féin a chur i láthair go hiomlán mar shaoránaigh i sochaí na hÉireann. 

Le dul chun cinn a dhéanamh, tá sé tábhachtach dul i ngleic le fréamhacha na dtuairimí seo atá ag cothú an eisiata agus na ngníomhartha tiarnúla inár bpobail, agus ár n-iarrachtaí aonair agus ár gcomhiarrachtaí le spás saor, ilchineálach agus ionchuimsitheach a thógáil inár bpobail - a bhfuil meas ar an gcomhionannas agus an éagsúlacht ann, ní hamháin inár ndlíthe ach inár bhfocail agus inár ngníomhartha. 

Lena leithéid curtha i gcrích, bainfimid ar fad tairbhe as rannpháirtíocht iomlán ár saoránach uile.”