Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn tar éis dó bualadh le Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Jacinda Arden

Dáta: Céa 25th Dei, 2017 | 10:18

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go foirmiúil inniu (Dé Céadaoin 25 Deireadh Fómhair 2017) le Príomh-Aire nuathofa na Nua-Shéalainne, Jacinda Ardern MP. Lean siad le plé a thosaigh siad ag an Dinnéar Stáit a d’óstáil Gobharnóir Ginearálta na Nua-Shéalainne, agus phléigh siad raon leathan ceisteanna a bhfuil baint acu leis an dá thír.

Ba chuid de Chuairt Stáit an Uachtaráin chuig an Nua-Shéalainn a bhí sna cruinnithe. Bhí an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charles Flanagan TD agus Chargé d’Affaires na hÉireann sa Nua-Shéalainn, Geoffrey Keating, i gcuideachta an Uachtaráin.

Ghlac an tUachtarán ó hUigínn buíochas leis an bPríomh-Aire nuathofa as an bhfáilte chroíúil a fuair sé sa Nua-Shéalainn agus labhair sé ar an gceangal dlúth idir an dá náisiún, ar an gcinneadh atá déanta ag an dá thír ar leith ambasáid a oscailt i bpríomhchathracha a chéile agus ar na luachanna comhroinnte atá acu, a gcuid oibre sna Náisiúin Aontaithe san áireamh.

Chuir an bheirt cheannairí in iúl go bhfuil siad cinnte de go neartóidh Cuairt Stáit an Uachtaráin na naisc i réimsí na polaitíochta, na trádála, na turasóireachta, an chultúir agus an spóirt agus leag siad béim ar an gcomhoibriú leanúnach idir Éire agus an Nua-Shéalainn ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe.  

Tharraing an tUachtarán aird ar iarrachtaí an dá thír i gcoimeád na síochána agus i gcur in aghaidh an iomadú núicléach, agus dúirt go leanfaidh an dá thír ag comhoibriú lena chéile lena chinntiú go gcuirtear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras maidir leis an Aeráid i bhfeidhm go hiomlán.

Chuir an tUachtarán an Príomh-Aire nuathofa Ardern ar an eolas is deireanaí faoi iarrachtaí na hÉireann an Craobhchomórtas Domhanda Rugbaí a reáchtáil in 2023.