Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt Stáit go hÉirinn ag Uachtarán Phoblacht Mhósaimbíc an tUasal Armando Emilio Guebuza

Dáta: hAo 6th Mei, 2014 | 14:11

Tá áthas ar an Uachtarán Michael D. Higgins a fhógairt go bhfuil glactha ag Uachtarán Phoblacht Mhósaimbíc, an tUasal Armando Emilio Guebuza, le cuireadh teacht ar cuairt ar Éirinn ón tríú go dtí an séú Meitheamh 2014.

Thug an tIar-Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa Cuairt Stáit ar Mhósaimbíc i mí an Mheithimh 2006. Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit Dé Máirt 3 Meitheamh le searmanas foirmiúil in Áras an Uachtaráin, nuair a chuirfidh an tUachtarán agus Sabina Higgins fáilte roimh an Uachtarán Guebuza. Tar éis an tsearmanais fáilte fhoirmiúil, beidh cruinniú idir an bheirt Cheann Stáit.

Tráthnóna Dé Céadaoin 4 Meitheamh, déanfaidh an tUachtarán agus Bean Higgins Dinnéar Stáit a óstáil in Áras an Uachtaráin in onóir an Uachtaráin Guebuza. Beidh clár iomlán na Cuairte Stáit bunaithe ar an dlúthcheangal idir Éire agus Mósaimbíc. Cuirfidh an chuairt feabhas ar an gcomhoibriú idir Éire agus Mósaimbíc thar raon imeachtaí, an talmhaíocht, an tsláinte, an t-oideachas, an fhorbairt agus an trádáil san áireamh.

Is í seo an chéad Chuairt Stáit chun na tíre seo le linn don Uachtarán Higgins a bheith in oifig. Ó chuaigh sé i mbun oifige i mí na Samhna 2011, tá dhá Chuairt Stáit thar lear tugtha ag an Uachtarán Higgins – chuig an gCróit i mí an Mheithimh 2013 agus chuig an Ríocht Aontaithe níos luaithe i mbliana.

Eiseofar clár iomlán Chuairt Stáit an Uachtaráin Armando Emilio Guebuza níos déanaí sa tseachtain.