Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt Stáit an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, ar an Ríocht Aontaithe

Dáta: Dom 17th Sam, 2013 | 14:39

Tá áthas ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn glacadh le cuireadh óna Soilse, An Bhanríon Eilís II, cuairt a thabhairt ar an Ríocht Aontaithe ón 8 go dtí an 10 Aibreán, 2014.

Beidh Sabina Bean Uí Uigínn in éineacht leis an Uachtarán ar an gCuairt Stáit agus beidh sonraí an chláir á bhfógairt in am is i dtráth ag Áras an Uachtaráin i gcomhar le Pálás Buckingham.