Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Lá Fhéile Pádraig 2017 - Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Dáta: Déa 16th Már, 2017 | 12:01

“Is mór an sásamh a thugann sé dom beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí ar mhuintir na hÉireann, anseo sa bhaile agus níos faide i gcéin, agus dár gcairde atá páirteach i gceiliúradh ár n-oidhreacht shaibhir chultúrtha inniu.
  
Is cúis mhór bhróid dúinn, mar Éireannaigh, go bhfuil ár bhféile náisiúnta á ceiliúradh, ní hamháin anseo in Éirinn, ach san iomaí tíortha timpeall an domhain, áiteanna ina bhfuil cónaí ar phobal domhanda na nGael. Anuas ar sin, táimid brodúil agus lánsásta an lá seo a chomhchéiliúradh le haon duine gur mhaith leo páirt a ghlacadh sa cheiliúradh a dhéantar ar ár gcultúr, ár n-amhráin agus ár dteanga.

Mar phobal siúlach, tá na hÉireannaigh tar éis a gcultúr is a dtraidisiúin a thabhairt leo go dtí a lán dúichí nua, agus iad ag obair go díograiseach ag cur le dea-cháil na hÉireann. Is a bhuíochas leis na milliúin imirceach Éireannach go bhfuil an tÉireananchas, agus Lá Fhéile Pádraig, á gceiliúradh le cion agus le fonn timpeall na cruinne.

Is cuí go ndéanaimid ceiliúradh ar ár Lá Náisiúnta, ar Naomh Padraig a raibh a shaol féin lán le crúatan agus le deoraíocht. Insítear dúinn gur tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn mar sclábhaí, gur éirigh leis éalú, ach gur shocraigh sé a thír dhúchais a fhágaint agus filleadh arís go hÉirinn. Sna cianta ina dhiaidh sin, is cuid lárnach de thaithí na nGael é an imirce, rud a thugann tuiscint fé leith dúinn ar an saol agus ar an imirce go háirithe.

Ó cheapadh mar Uachtarán mé bhí sé mar sprioc agam cuairt a thabhairt ar an méid is mó pobal Éireannach thar lear go b’fhéadfainn, agus chun éisteacht lena gcúiseanna bróid is buartha. 

Anuas ar sin bhí áthas ar orm féin is ar Saidhbhín an deis a thapú fáilte a fhearadh roimh níos mó ná ochtó míle duine chuig Áras an Uachtaráin – daoine atá gníomhach i ngrúpaí pobail agus in eagraíochtaí deonacha atá ag tógáil sochaí lách, inbhuanaithe agus cothrom. Is iad a bpaisean, fuinneamh agus tiomantas atá ag feidhmiú mar bhunclocha an náisiúin seo.

Inniu ar Lá Fhéile Pádraig déanaimid na rudaí is fearr faoin Éireannachas a chéiliúradh chomh maith leis an tionchar atá ag ár gcultúr agus ár n-oidhreacht timpeall an domhain. An t-earrach seo, agus an dúlra ag athrú ag tús shéasúr an dóchais agus na hathnuachana, tógáilfimid ar oidhreacht shaibhir ár sinsear, leis na féidearthachtaí atá ar fáil dúinn a bhaint amach. Tugaimís faoi thógáil ar bhunús láidir eispearas na nÉireannach, i réimsí éagsúla cosúil leis na healaíona, an eolaíocht, an daonnúlachas, an pholaitíocht agus gnó, agus oibrímis le chéile i dtreo todchaí níos dóchasaí dúinne, dár sliocht agus do shliocht a sleachta agus do gach aon duine lena roinnimid an plainéid sobhuailte seo.

Do mo chomhshaoránaigh, agus dár gcairde atá ag déanamh comórtha linn, guím gach beannacht oraibh do Lá Fhéile Pádraig sásta agus sultmhar in 2017.

Beir beannacht.”


Micheál D. Ó hUigínn
Uachtarán na hÉireann

Márta, 2017