Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Gabhann Saidhbhín Uí Uigínn buíochas leis an bpobal as a dtacaíocht

Dáta: Déa 7th Nol, 2023 | 16:54

Ghabh Saidhbhín Uí Uigínn buíochas leis an bpobal as an tacaíocht atá faighte aici ó d’fhógair sí an chóireáil atá déanta aici le haghaidh ailse chíche.

I ráiteas, dúirt Saidhbhín:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na cairde sin agus leis baill den phobal go léir a léirigh a leithéid de chineáltas agus iad ag seoladh teachtaireachtaí álainn dea-thola agus grá do mo shlánú agus as na cártaí, pósaetha Aifreann agus na bláthanna áille a fuair mé, agus mé ag fáil an chóireáil le haghaidh ailse chíche. 

Níl aon amhras orm ach gur chuir na dea-mhothaithe sin go léir le mo théarnamh. Táim buíoch go deo agus lán de mheas don phearsanra liachta iontach ar fad a thug cúram cíche chomh rathúil dom. 

Tá an oiread sin dea-mhianta faighte agam go mbeadh sé deacair dom buíochas a ghabháil le gach duine ina aonar, ach ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag gach duine go bhfuil an racht tacaíocht agus an dea-thoil atá faighte agam tar éis dul i bhfeidhm go mór orm. 

Is mian liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl libh go léir agus arís ar ais cuirim i gcuimhne do na mná go léir an tábhacht a bhaineann le seiceáil le haghaidh ailse chíche, agus le béim ar leith a chur ar mhná os cionn 70 bliain d’aois go leanann an baol ag méadú de réir a théann daoine in aois, mar sin lean ort le seiceáil chomh rialta agus is féidir.”