Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin ar bhás Phádraig Uí Aoláin

Dáta: Mái 23rd Már, 2021 | 13:31

Is le brón agus aiféala a chuala mé nuacht bháis Phádraig Uí Aoláin. Fear cumasach, stuama agus fadradharcach a bhí ina iar-cheannasaí ar Údarás na Gaeltachta agus a d’oibrigh ar mhaitheas mhuintir na Gaeltachta, phobal na Gaeilge agus phobal na hÉireann le linn a shaol fada.

Cé gur tógadh i dTiobraid Árann é, is ag obair sna tolláin i Sasana i dteannta fir óga ó Chonamara agus Tír Chonaill a ndeachaigh saibhreas na Gaeilge agus oidhreacht na Gaeltachta go mór ina luí air. Is i gConamara a thóg sé a chlann agus dírigh sé ar féidearthachtaí a chothú d’fhir agus mná óga na Gaeltachta seachas an long anonn agus bóthar na n-imirceach. D’oibrigh sé go díograiseach mar oifigeach i nGaeltarra, mar bhainisteoir ar Chomharchumann Chois Farraige agus mar chuid lárnach d’iarrachtaí Údarás na Gaeltachta comhlachtaí a mhealladh siar.

Bhí sé sáite i gcroílár shaol agus cultúr na Gaeilge, agus saolaíodh a chruthaitheacht féin mar amhráin a chum sé, Cóilín Phádraig Shéamuis ina measc.

Seirbhíseach poiblí den scoth, laoch na Gaeltachta agus fear uasal ab ea Pádraig.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Betty, lena chlann agus a chairde uilig.

Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.