Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás Paddy Harte

Dáta: Mái 9th Ean, 2018 | 10:48

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an t-iarTheachta Dála Paddy Harte.

Cuimhneofar air ní hamháin mar chomhalta díograiseach de Dháil Éireann ar feadh beagnach dhá scór bliain, a raibh gean air, ach mar dhuine a d’oibrigh go crua chun tacú leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann agus chun aitheantas a thabhairt do na hÉireannaigh siúd a throid agus a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda.

Mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus don chiorcal mór cairde a bhí aige, agus m’aitheantas a thabhairt dá chion oibre sa saol poiblí agus polaitiúil i nDún na nGall agus ar an leibhéal náisiúnta.