Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás John Monaghan

Dáta: Lua 15th Ean, 2018 | 13:23

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an tOllamh John Monaghan.

Ar feadh a ghairmréime,  bhí sé i bhfách go paiseanta le tábhacht an oideachais agus le heitic an chúraim.  Trína chuid oibre le Cumann Naomh Uinseann de Pól,       bhí sé ina eiseamláir chumhachtach den dlúthpháirtíocht agus den uileghabhálacht phraiticiúil, agus d’oibrigh sé chun leas na ndaoine ar an ngannchuid a fheabhsú.

Aireoidh a bhean Catherine agus a chlann uathu go mór é.  Cuirim mo chomhbhrón ó chroí chucu sin agus chuig gach duine a raibh sé de phribhléid acu aithne a bheith air agus oibriú le John Monaghan.”