Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Preasráiteas ó Chomh-Phreasagallamh idir an tUachtarán Ó hUiginn agus Uachtarán Cavaco Silva na Portaingéile

Dáta: Céa 9th Nol, 2015 | 15:00

Bhí deis agam féin agus ag an Uachtarán Cavaco Silva plé a dhéanamh ar roinnt ceisteanna. Tá mé féin agus Saidhbhín agus muintir na hÉireann go mór faoi chomaoin ag an Uachtarán Cavaco Silva agus Doutora Maria Cavaco Silva.

Phléamar dúshlán an athrú aeráide, agus tá súil againn beirt go mbeidh dea-thoradh ar chainteanna COP21 atá ar siúl i bPáras, agus an tábhacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a mhaoiniú agus a bhaint amach. Táimid ag pointe an-tábhachtach faoi láthair sa chóras ilpháirteach, nuair atá an dúshlán a bhaineann le hollstruchtúr  institiúide cuí a fhorbairt  - go háirithe taobh istigh den Náisiúin Aontaithe - fíorphráinneach. Tá dlúthcheangal idir ceisteanna athrú aeráide, forbartha, fiachais agus timpeallacht trádála chóir agus teastaíonn freagairt chomhtháite agus chuimsitheach.

Le blianta beaga anuas mhothaigh ár saoránaigh pian na déine agus titim ina gcaighdeáin mhaireachtála. Cé go bhfuil cuma níos dearfaí ar chúrsaí anois agus go bhfuil saol níos fearr i ndán don dá thír, tá dúshláin go leor le sárú fós; an leibhéal dífhostaíochta agus an dífhostaíocht i measc na ndaoine óga go háirithe, rud nach bhfuil inbuanaithe. Tá sé tábhachtach go mbainfeadh ár bpobail go léir tairbhe as an téarnamh eacnamaíochta, ar bhealach atá cuimsitheach agus a bhaineann amach comhtháthú sóisialta.  

Phléamar ceisteanna reatha atá le réiteach ag an Aontas Eorpach, todhchaí an Aontais agus an tábhacht a bhaineann le luachanna  uileghabhálacha agus bunaithe an Aontais a athdhearbhú.  Chuir mé in iúl gur chreid mé gurb í an cheist phráinneach don Eoraip an t-athchothromú idir spriocanna an chomhtháithe shóisialta agus an chomhtháithithe institiúidigh a chur i bhfeidhm. Creidim gur féidir leis an Aontas muinín agus tacaíocht phobail na hEorpa a athghabháil má dhéantar an “t-urlár sóisialta” a neartú.

I measc na gceisteanna domhanda a phléamar bhí staid reatha na dteifeach san Eoraip. Tá Éire agus an Phortaingéil scoite amach ón líon ollmhór teifeach agus imirceoirí atá ag teacht chuig an AE; mar sin féin, ní mór dúinn a bheith ar an airdeall faoin tragóid dhaonna atá ag tarlú agus ar ábhar buartha an-dona é. Tá sé tábhachtach go mbeadh freagairt chuimsitheach agus chomhtháite ar leibhéal an Aontais  Eorpaigh ann a bhaineann amach ár n-idéil agus ár ndualgais dhaonnúla.

Phléamar, chomh maith, na hionsaithe a tharla le gairid sa Fhrainc, i Mailí, sa Túinéis sa Liobáin agus in áiteanna eile nach iad, eachtraí a léiríonn gur bagairt atá ag méadú atá sa sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta. D’aontaíomar go bhfuil sé riachtanach don Eoraip go mbeadh ár bhfreagairt bunaithe ar ár dtiomantas coiteann do luachanna chearta an duine agus don tsaoirse shibhialta.

I gcás ár dá náisiún, maireann go leor dár muintir taobh amuigh dár dteorainneacha faoi seach, scaipthe ar fud cheithre ilchríoch.  Creidimse go bhfuil cosúlachtaí sa chaoi ina dtéann ár dhá thír i gcaidreamh lenár ndiaspóra domhanda agus tá a fhios agam gur ceannródaí  i bhforbairt an chaidrimh le diaspóra na Portaingéile atá san Uachtarán Cavaco Silva.

Agus ar deireadh, thar son Shaidhbhín agus mé féin agus mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uachtarán Cavaco Silva agus Doutora Maria Cavaco Silva as a gcuireadh fial agus a bhfáilte ghnaíúil ar an gcuairt stáit an-speisialta