Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Athbhreithniú ar an Uachtaránacht foilsithe den chéad uair ó bunaíodh an Uachtaránacht in 1938

Dáta: Déa 13th Nol, 2018 | 14:18

D’fhoilsigh Áras An Uachtaráin ‘Athbhreithniú ar an Uachtaránacht, 2011 - 2018 inniu, tuarascáil a thugann léargas cuimsitheach ar obair agus ar chaiteachas Oifig Uachtarán na hÉireann sna seacht mbliana atá caite.

Is é seo an chéad uair a foilsíodh athbhreithniú dá leithéid ó bunaíodh Uachtaránacht na hÉireann in 1938 agus is toradh é ar an ngealltanas a thug an tUachtarán Ó hUigínn go gcuirfí le trédhearcacht na hOifige.

Ar aon dul leis an ngealltanas sin, cuireann an tAthbhreithniú ar an Uachtaránacht eolas sonraithe ar fáil ar Liúntas 1938, liúntas bliantúil a cruthaíodh faoi Acht Teaghlachas an Uachtaráin 1938 chun tacú leis an Uachtarán i gcomhlíonadh a d(h)ualgas go neamhspleách.

Dheimhnigh Áras an Uachtaráin go seolfar ar ais tearc-chaitheamh de  €238,443 ó Liúntas  1938 chuig an Státchiste roimh dheireadh na bliana. Is tearc-chaitheamh carnach atá ansin ó thréimhse 2011-2018 na hUachtaránachta.

Taispeántar san athbhreithniú go raibh an Caiteachas Vótáilte d’Oifig na hUachtaránachta faoin mbuiséad gach aon bhliain de sheacht mbliana an chéad téarma ag an Uachtarán Ó hUigínn. 

Mar chuid de ghealltanas an Uachtaráin go mbeadh cúrsaí airgeadais níos trédhearcaí,  dheimhnigh Áras an Uachtaráin go bhfuil próiseas bunaithe coiste neamhspleách chun maoirseacht a dhéanamh ar Liúntas 1938 gafa chun cinn go maith. Beidh an coiste maoirseachta seo i bhfeidhm go luath an bhliain seo chugainn agus beidh cruinnithe rialta aige.

Dheimhnigh Áras an Uachtaráin chomh maith go bhfoilseofar Athbhreithniú ar an Uachtaránacht ar bhonn bliantúil le linn dara téarma an Uachtaráin Uí Uigínn.

 

Athbhreithniú ar an Uachtaránacht 2011-2018

Léirítear san athbhreithniú, atá ar fáil ar www.president.ie, cúlra róil agus gníomhaíochtaí éagsúla an Uachtaráin agus tugtar sonraí i dtaca le socruithe rialachais agus rialaithe airgeadais ann.

Tá trí cheannteidil ar athbhreithniú an Airgeadais agus an Rialachais:

  • Caiteachas Vótáilte: Is é an buiséad a fhaomhann Tithe an Oireachtais gach bliain an fhoinse chistiúcháin is mó i gcomhair obair Oifig an Uachtaráin. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an caiteachas go léir faoin gceannteideal sin a iniúchadh agus a thuairisciú ar bhonn bliantúil.
  • Caiteachas ar Sheirbhísí Gaolmhara: Áirítear anseo caiteachas a dhéanann Ranna agus Oifigí Rialtais eile chun tacú leis an Uachtarán agus lena chuid gníomhaíochtaí. Déanann Tithe an Oireachtais an caiteachas sin a fhaomhadh gach bliain chomh maith faoi bhuiséid na Ranna agus na nOifigí Rialtais ábhartha. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an caiteachas sin a iniúchadh agus a thuairisciú ar bhonn bliantúil.
     
  • Liúntas 1938: Bunaíodh é seo  faoi Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 agus tacaíonn sé leis an Uachtarán i gcomhlíonadh a d(h)ualgas go neamhspleách agus úsáidtear é chun costais nach ndéantar soláthar orthu sa chaiteachas vótáilte a chlúdach.

 

Socraíodh leibhéal reatha an Liúntais in 1998, agus tá sé á úsáid ó shin i leith chun cuidiú le hoscailt Áras an Uachtaráin do chuairteoirí as Éirinn agus thar lear, a bhfuil a líon ag méadú in aghaidh na bliana.

Le linn a chéad téarma mar Uachtarán, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh tuairim is 140,000 cuairteoir chuig Áras an Uachtaráin.

Tá an tAthbhreithniú ar an Uachtaránacht ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar https://issuu.com/arasanuachtarain/docs/the_presidency_in_review?e=0 agus https://issuu.com/arasanuachtarain/docs/the_presidency_in_review_-_ga?e=0 , agus https://president.ie/en/media-library/publications / https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/foilseachain