Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán le tabhairt faoi Chuairt Stáit ar an gCipir

Dáta: Lua 7th Dei, 2019 | 17:38

Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Cuairt Stáit ar Phoblacht na Cipire, ón 13 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2019, ar cuireadh ón Uachtarán Nicos Anastasiades.

Tiocfaidh an Chuairt Stáit ar an gCipir i ndiaidh chuairt an Uachtaráin ar an nGréig (9-13 October), áit a mbeidh cruinnithe aige le 12 Cheann Stáit eile de chuid an AE agus tabharfaidh sé Aitheasc oirirc Arastatail.


Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn faoin gcéad Chuairt Stáit ar an gCipir ag Uachtarán na hÉireann ón mbliain 2006. Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn á dtionlacan ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, Charles Flanagan.

Cuimseofar searmanas fáiltithe agus cruinnithe foirmiúla idir an bheirt Cheann Stáit, cuairteanna ar Chrios Maolánach na NA ar an oileán, agus cruinnithe le Fórsa Coimeádta Síochána na NA sa Chipir agus leis an mBuanchoiste um Dhaoine atá ar Iarraidh i gclár na Cuairte Stáit, a leanann Cuairt Stáit an Uachtarán Anastasiades ar Éirinn in 2016. Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do Theach na nIonadaithe sa Chipir chomh maith.

Deis thráthúil a bheith sa Chuairt Stáit chun an ceangal cairdis fadbhunaithe agus an dlúthpháirtíocht idir Éire agus an Chipir a athnuachan agus chun aitheantas a thabhairt d’ionchur na hÉireann i gcoimeád na síochána leis na NA sa Chipir thar na scórtha bliain. Tarraingeofar aird ar naisc chultúrtha agus mhuirí, agus tapóidh an tUachtarán Ó hUigínn an deis le bualadh le pobal cónaitheach na nÉireannach. 


Nuair a bheidh deireadh leis an gCuairt Stáit ar an gCipir, rachaidh an tUachtarán Ó hUigínn go dtí an Liobáin (Déardaoin 17 Deireadh Fómhair) i gcomhair cruinnithe leis an Uachtarán Aoun, le polaiteoirí na Liobáine agus le gníomhaireachtaí na NA, chomh maith le cuairt ar thrúpaí na hÉireann agus ar Eagraíochtaí Neamh-Rialtasacha na hÉireann atá ag obair sa tír.