Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán le sraith de cheardlanna náisiúnta ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012′ a oscailt

Dáta: Sat 1st Meá, 2012 | 15:34

http://www.president.ie/president-to-formally-open-nationwide-series-of-being-young-irish-2012-workshops/

Osclóidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn a shraith de cheardlanna náisiúnta ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ go foirmiúil an Satharn seo le haitheasc tosaigh ag an gceardlann in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Bolton i mBaile Átha Cliath.

Caithfidh 100 duine óg idir 17 agus 26 bliain d’aois an lá ag fiosrú agus ag plé a bhfíse do thodhchaí na hÉireann.

Is cuid de phróiseas comhairliúcháin níos leithne ag an Uachtarán an cheardlann i mBaile Átha Cliath. Tá sé ag iarraidh cloisteáil ó dhuine óg ar bith ó 17 go 26 bliain d’aois in Éirinn agus ar fud an domhain a bhfuil tuairim aige/aici faoi thodhchaí na hÉireann. Is é an 29 Meán Fómhair 2012 an dáta deiridh d’aighneachtaí.

I rith an lae, trí cheardlanna agus trí sheisiúin vótála iomlánacha, déanfaidh daoine óga a rogha 10 bhfreagra ar cheisteanna an Uachtaráin a chomhaontú: Cén fhís atá agat d’Éirinn? Céard is gá a tharlú chun an fhís sin a fhíorú? Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú?

Agus iad ag obair le héascaitheoirí gairmiúla, beidh daoine óga i ngrúpaí de dheichniúr ag plé na dtréithe a bhíonn ag sochaí fholláin, a oibríonn go maith, labhróidh siad faoi thíortha eile a chuaigh i bhfeidhm orthu agus iad ag taisteal, caithfear súil siar ar stair na hÉireann le déanaí agus féachfar ar conas a fhéadfar nithe diúltacha a athrú ina nithe dearfacha.

Cuirfear deireadh leis an lá le forléargas ar an bhfís a chruthófar agus le holldíospóireacht. Déanfaidh an fhoireann taighde arna ceapadh ag an Uachtarán torthaí an lae agus torthaí na gceardlann réigiúnach eile i gCorcaigh, i Muineachán agus i nGaillimh a athbhreithniú agus déanfaidh siad anailís ar na sonraí sin chomh maith le haighneachtaí daoine óga ar líne ar www.president.ie/makeasubmission

Tá ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ ar an gcéad seimineár i sraith seimineár Uachtaránachta a reáchtálfar i rith théarma an Uachtaráin Uí Uiginn. Tá sé i gceist ag an Uachtarán torthaí ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012′ a úsáid le bheith mar fhaisnéis ag a Uachtaránacht agus tionólfar mórsheimineár deiridh de chuid ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ in Áras an Uachtaráin níos déanaí i mbliana, áit a gcuirfear torthaí ‘Tóg an tAthrú i gCúram’ i láthair.

Féadfaidh daoine óga a dtuairimí i scríbhinn, i bhformáid fuaime nó físe nó in aon fhormáid a roghnaíonn siad a roinnt ar www.president.ie/youngandirish

www.president.ie/makeasubmission (Spriocdháta 29 Meán Fómhair 2012)

#youngandirish

www.facebook.com/youngandirish

Maidir leis ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012′

Tá Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ag fáiltiú roimh dhaoine óga na hÉireann, sa bhaile agus ar fud an domhain, páirt ghníomhach a bheith acu i dtodhchaí chomhroinnte na hÉireann a mhúnlú.

Leis ‘An Óige agus an tÉireannachas’, an comhairliúchán le hÉireannaigh 17 go 26 bliain d’aois, táthar ag iarraidh an dioscúrsa náisiúnta ar chuimsiú a chur chun cinn trí leas a bhaint as cumhacht daoine óga, a chur ar a gcumas a bheith páirteach sa dioscúrsa agus bainteach leis. Is é an uaillmhian sochaí a chruthú ina bhfuil meas ar gach saoránach i ngach glúin.

Is é an aidhm lárnach daoine óga a chur ag gabháil in Éirinn chomhaimseartha mar shaoránaigh ghníomhacha agus mhachnamhacha, agus tacú leo mar cheann de na foinsí críonnachta i saincheisteanna croíláir, idir shaincheisteanna sóisialta, polaitíochta, geilleagracha agus cultúrtha, atá roimh Éirinn a réiteach. Tá an tUachtárán Ó hUiginn ag súil, leis an gcomhairliúchán agus seimineár ‘An Óige agus an tÉireannachas, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

• Bealaí rannpháirtíochta a oscailt le haghaidh daoine óga agus iad a chur ag gabháil don phlé agus don díospóireacht maidir leis an gcineál tíre atá againn anois, cén sórt Poblachta is mian linn a chruthú agus conas is féidir é sin a bhaint amach.

• Réitigh íogaire agus inréadaithe maidir lenár staid reatha, agus moltaí do shochaí níos fearr amach anseo á dtreorú ag an óige, a shainaithint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh.

• Cloisteáil ó dhaoine óga agus a dtuairimí a lorg maidir leis na deacrachtaí atá ag daoine óga ó chúlraí éagsúla, mar dhaoine óga agus Éireannaigh inniu.

Cad iad na Seimineáir Uachtaránachta?

Ina chéad aitheasc ar an 11 Samhain 2011, d’fhógair an tUachtarán Ó hUiginn go raibh sé i gceist aige roinnt Seimineár Uachtaránachta a reáchtáil ina ndéanfaí machnamh ar théamaí atá tábhachtach do shaol comhroinnte na hÉireann, téamaí ar leith agus níos leithne ná na gar-imeachtaí ar a ndírítear reachtaíocht, agus dhéanfaí na téamaí sin a fhiosrú.

Leis an gcéad cheann de Sheimineáir Uachtaránachta an Uachtaráin Uí Uiginn ‘An Óige agus an tÉireannachas’, táthar ag iarraidh an dioscúrsa náisiúnta maidir le cuimsiú a chur chun cinn trí leas a bhaint as cumhacht daoine óga, a chur ar a gcumas a bheith rannpháirteach agus níos mó bainte a bheith acu i gcinnteoireacht. Tá sé mar aidhm leis ‘An Óige agus an tÉireannachas’ cloisteáil ó Éireannaigh óga, 17 go 26 bliain d’aois, sa bhaile agus thar lear.

Reáchtálfar tuilleadh seimineár le linn théarma seacht mbliana an Uachtaráin Uí Uiginn agus déanfar saincheisteanna domhanda a bhreithniú, cuirfear béim ar an tábhacht atá leis an nasc eiticiúil idir polaitíocht, an geilleagar, forbairt agus an tsochaí.