Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán le hAitheasc Arastatail a thabhairt san Aithin

Dáta: Lua 7th Dei, 2019 | 17:32

Tá cuireadh tugtha ag Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, A Shoilse Prokopios Pavlopoulos, don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn Aitheasc Arastatail 2019 a thabhairt san Aithin.

Ar an 10 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn Aitheasc Arastatail ag Stoa Attalos na cathrach, in Agora ársa na hAithne.

Is é Aitheasc Arastatail, a thug Uachtarán na Gréige agus Ard-Rúnaí na NA Kofi Annan roimhe seo, buaicphointe Fhóram Daonlathais na hAithne, a bhíonn ar siúl gach bliain agus atá á óstáil faoi choimirce A Shoilse, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, an tUasal Prokopios Pavlopoulos agus é á eagrú i gcomhar leis an New York Times, na Náisiúin Aontaithe agus Cathair na hAithne.  

Le linn a chuairte ar an nGréig, déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn freastal ar chruinniú bliantúil an ghrúpa Arraiolos, grúpa 13 Uachtarán de bhallstáit an AE, a bheidh ar siúl san Aithin ar an 10-11 Deireadh Fómhair.

Is é is aidhm le cruinniú Arraiolos go ndéanfadh na 13 Ceann Stáit machnamh ar an lánpháirtíocht Eorpach agus smaoineamh ar an tslí is fearr le bunphrionsabal Eorpach na dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm.