Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn a lámh le cúig Bhille
Dáta: Déa 22nd Iúi, 2021 | 12:32
Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar na Billí seo a leanas, tá an tUachtarán inniu, 22 Iúil, tar éis a lámh a chur leo agus dá réir sin tá siad ina ndlíthe.
- An Bille fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais (Leasú), 2021
- An Bille um Dhlínse Mhuirí, 2021
- An Bille um Chaidreamh san Áit Oibre (Forálacha Ilghnéitheacha), 2021
- Bille na gCuideachtaí (An Próiseas Tarrthála le haghaidh Cuideachtaí Beaga agus Micreachuideachtaí), 2021
- An Bille Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú), 2021