Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigín roimh síniú an Chonartha ar Thoirmisc Arm Núicléach

Dáta: Déa 21st Meá, 2017 | 13:34

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó  hUigínn fáilte inniu roimh thús phróiseas sínithe an Chonartha um Thoirmeasc ar Airm Núicléacha, an chéad chonradh ina cheangal de réir dlí sa domhan a chuireann toirmeasc ar fhorbairt, thástáil, dhéanamh, cheannach nó sheilbh arm núicléach.  

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn cur síos air mar “athdhearbhú riachtanach ag ionadaithe an phobail dhomhanda dá bhfuath don bhagairt leanúnach ó airm núicléacha.” 

“ Is cor cinniúnach agus suntasach sa stair agus buaicphointe sa chomhoibriú idirnáisiúnta atá sa Chonradh um Thoirmeasc ar Airm Núicléacha, ar glacadh leis i mi Iúil na bliana seo agus atá sínithe go foirmiúil ag cuid mhaith ballstát den NA.  

Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim fáilte roimh ghlacadh an Chonartha seo a chuireann toirmeasc ar fhorbairt, thástáil, dhéanamh, cheannach nó sheilbh arm núicléach.  

Ó thús a ballraíochta sna Náisiúin Aontaithe, bhí Éire i gcónaí ar thús cadhnaíochta  i gcur chun cinn chur i bhfeidhm an Chonartha in aghaidh Iomadú Núicléach. 

Is toradh na mblianta saothair ag roinnt tíortha diongbháilte, a raibh Éire ina measc agus í ceannródaíoch, atá sa Chonradh in aghaidh Iomadú Núicléach. Molaim na tíortha sin go léir sa Ghrúpa Lárnach Stát a chuir tús leis an bpróiseas sin. Is ábhar dóchais breise é go ndearna siad a leithéid i gcomhpháirt le gníomhaithe agus le taighdeoirí in eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud an domhain.


Léiríonn glacadh agus cur i bhfeidhm an Chonartha go nglactar go forleathan leis an mbagairt don chine daonna ó airm núicléacha. Tugann an lucht cáinte, a chuir in aghaidh an Chonartha seo, le fios nach bhfuil aon fhiúntas ann mura bhfuil ceart ag na cumhachtaí núicléacha atá ann faoi láthair, atá meáite ar airm núicléacha a choimeád, aon bheartas sa réimse seo a chrosadh.


Déanaim comhghairdeas ó chroí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála as a tiomantas diongbháilte agus seasmhach don Chonradh seo agus a meon oscailte agus a chomhoibriú le raon leathan gníomhaithe sa tsochaí shibhialta.”