Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le taisteal go dtí an Róimh chun bualadh leis an bPápa Proinsias

Dáta: hAo 19th Bea, 2017 | 13:10

Cuirfidh an Pápa Rónaofa Proinsias fáilte roimh an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, nuair a bhuailfidh sé leis go foirmiúil i Leabharlann an Phápa sa Vatacáin. 

Taistealóidh an tUachtarán go dtí an Róimh ón Veinéis, áit a mbeidh sé tar éis freastal ar an Biennale, an taispeántas ealaíne is sine agus is mó ar domhan.  

Tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar phuball na hÉireann ag an Biennale, áit a mbuailfidh sé leis an ealaíontóir Jesse Jones agus le hionadaithe ó eagraíochtaí atá páirteach sa taispeántas, ina measc Cultúr Éireann agus An Chomhairle Ealaíne. 

Beidh cruinniú príobháideach ag an Uachtarán leis an bPápa Proinsias maidin Dé Luain 22 Bealtaine sa Róimh, agus pléifidh an bheirt cheannairí ceisteanna a bhfuil tábhacht réigiúnach agus domhanda ag baint leo. 

I ndiaidh an chruinnithe leis an bPápa, beidh cruinniú ag an Uachtarán leis an gCairdinéal Parolin, Rúnaí Stáit na Vatacáine.  

San iarnóin, buailfidh an tUachtarán le cléir agus le foireann thuata na hÉireann atá ag obair sa Vatacáin, le linn fáiltithe i gColáiste na nGael sa Róimh.