Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireadh chuig Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Dáta: Lua 26th Ean, 2015 | 10:33

Fágfaidh an tUachtarán  Michael D. Higgins Baile Átha Cliath tráthnóna (26 Eanáir, 2015) ar a bhealach chuig Strasbourg, áit a dtabharfaidh sé óráid maidin amárach do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hÉorpa. Tabharfaidh sé óráid dar teideal  ‘The Future of Parliaments – Addressing the Challenges’.

Thug Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Mme Anne Brasseur, cuireadh don Uachtarán aitheasc a thabhairt don Tionól Parlaiminteach nuair a thug sí cuairt ar Bhaile Átha Cliath mí Meithimh seo caite.

Agus é i láthair i gComhairle na hEorpa, beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Uachtarán Higgins chomh maith, le Mme Brasseur, Ms Gabriella Battaini-Dragoni, Leas-Rúnaí Ginearálta Chomhairle na hEorpa agus leis an Uasal Nils Muižnieks, Coimisinéir na Comhairle um Chearta an Duine.

Tabharfaidh an tUachtarán cuairt, freisin, ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, áit a mbeidh cruinniú déthaobhach aige leis an Uasal Dean Spielmann, Uachtarán na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

Tráthnóna amárach, beidh an tUachtarán, in éineacht lena bhean Sabina, i láthair ag Fáiltiú an Phobail Éireannaigh i Strasbourg, arna óstáil ag an Ambasadóir Peter Gunning agus a bhean Mary Gunning.