Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le haitheasc a thabhairt ag Chéad Chruinniú Mullaigh Domhanda na Daonnúlachta

Dáta: Lua 16th Bea, 2016 | 11:44

Tá cuireadh faighte ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc a thabhairt ag roinnt seisiún de Chruinniú Mullaigh Domhanda na Daonnúlachta, atá á reáchtáil in Istanbul, 23 - 24 Bealtaine 2016.

Is iarracht atá sa chruinniú mullaigh, atá á eagrú ag na Náisiúin Aontaithe, an córas cúnaimh éigeandála domhanda a leasú agus an bhearna reatha a laghdú idir riachtanais íospartaigh tubaistí agus coimhlinte, ar an láimh amháin, agus an maoiniú atá ar fáil le haghaidh clár tacaíochta ar an láimh eile. 

Mar Cheann Stáit, beidh an tUachtarán i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann ag an gcruinniú mullaigh, agus tabharfaidh sé aitheasc ag cruinniú comhrá chomhstádais de Cheannairí Ardleibhéil a bheidh ag díriú ar an gcaoi le freagra an phobail dhomhanda ar ghéarchéimeanna dhaonnúla a fheabhsú. Labhróidh an tUachtarán chomh maith ag cruinnithe faoi chomhionannas inscne, faoi fhoréigean dírithe ar inscne agus faoi mhaoiniú daonnúil.

Tá an cruinniú mullaigh á eagrú ag am inar cuireadh iachall ar níos mó ná 60 milliún duine ar fud an domhain teitheadh óna dtíortha dúchais agus a bhfuil costas measta eacnamaíochta de $14 trilliún, nó 13% den eacnamíocht dhomhanda, sroichte de bharr coimhlinte foréigní. De réir mar atá géarchéimeanna ag tarlú go han-mhinic agus ag éirí níos anróití, tá sé ag dul dian ar an gcóras cúnaimh idirnáisiúnta riachtanais na ndaoine atá buailte agus díláithrithe a shásamh.

Déanfaidh an tUachtarán iarracht an bhochtaineacht dhomhanda, an fhorbairt inbhuanaithe, an t-athrú aeráide agus an fhreagairt dhaonnúil a cheangal lena chéile ina ionchur.  

Tá an tUachtarán tar éis labhairt roinnt uaireanta faoi na dúshláin i láthair na huaire i dtaca leo sin, go háirithe sna haithisc seo a leanas: 

Speech about 'sustainable development' (May 2016) Aitheasc faoi fhorbairt inbhuanaithe (Bealtaine 2016)

Speech to the diplomatic corps in Ireland (January 2016) Aitheasc i gcomhair an chóir thaidhleoireachta in Éirinn (Eanáir 2016)

Speech on Preparing for the World Humanitarian Summit (July 2015) Aitheasc maidir leis an Ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh Domhanda na Daonnúlachta (Iúil 2015)