Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Pleananna Lá Fhéile Pádraig an Uachtaráin, Michael D. Higgins, 14th March 2014

Dáta: hAo 14th Már, 2014 | 14:19

Beidh lá iomlán de dhualgais phoiblí ag an Uachtarán Michael D. Higgins agus a chéile, Sabina, an Lá Fhéile Pádraig seo.

Déanfaidh an tUachtarán agus Sabina freastal ar aifreann i Leas-Ardeaglais Mhuire Bhaile Átha Cliath maidin Dé Luain, áit a gcuirfidh an tArd-Easpag Diarmuid Martin agus an Canónach Damian O’Reilly fáilte rompu ar theacht ann dóibh.

Tar éis an aifrinn breathnóidh an tUachtarán agus Sabina ar mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig na príomhchathrach ón seastán mór ar Shráid Uí Chonaill. Buailfidh siad ansin le Príomhfheidhmeannach Fhéile Lá ‘le Pádraig, Susan Kirby agus le Cathaoirleach na Féile, David Harvey.

Tar éis na Paráide, caithfidh an tUachtarán tamall i bPáirc an Chrócaigh, áit a mbeidh cluichí ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Chlubanna na hÉireann AIB de chuid CLG ar siúl.

Sa tráthnóna cuirfidh an tUachtarán agus Sabina fáilte chuig Áras an Uachtaráin roimh níos mó ná 100 aoi a bhí bainteach leis na hiarrachtaí le faoiseamh a thabhairt ó na tuilte ar fud na tíre. I measc na n-aoínna beidh ionadaithe ó cheithre cinn déag de Chomhairlí Baile, Cathrach agus Contae, ó Eircom, ó BSL agus ó Iarnród Éireann. Beidh siamsaíocht á cur ar fáil ag Banna Céilí Shannon Vale.

Tá an tUachtarán tar éis teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig a sheoladh chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear, trí ghréasán na n-ambasáidí agus na misean thar lear.