Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Clár Lá Fhéile Pádraig 2018 an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn

Dáta: Mái 13th Már, 2018 | 10:55

 Is iad seo a leanas na sonraí maidir leis na coinní poiblí a bheidh ag an Uachtarán, Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín ar Lá ‘le Pádraig: 

Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ag freastal ar aifreann i Leas-Ardeaglais Mhuire maidin Dé Sathairn. 

Tar éis an aifrinn, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag Paráid Lá Fhéile Pádraig ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. 

Tar éis na paráide, rachaidh an tUachtarán chuig Páirc an Chrócaigh chun freastal ar Chluiche Ceannais Peile Sinsear na hÉireann idir Cora Finne (Gaillimh) agus Raonaithe Nemo (Corcaigh). 

Níos deireanaí san iarnóin, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú speisialta ar siúl in Áras an Uachtaráin a thabharfaidh aitheantas dóibh siúd a thugann tacaíocht do dheonú orgán agus molfaidh sé an lucht deonaithe, a gclanna agus an pearsanra leighis a mbíonn baint acu le hobráidí aistrithe. 

Déanann an tUachtarán agus Saidhbhín Lá Fhéile Pádraig a chomóradh ar bhealach speisialta in Áras an Uachtaráin gach bliain, mar a gcuireann siad fáiltiú ar siúl in onóir na ngrúpaí agus na ndaoine, ó gach cearn den tír, a bhfuil cion ar leith déanta acu do shochaí na hÉireann agus mar bhuíochas díobh.   
Anuraidh rinne an fáiltiú ceiliúradh ar a raibh bainte amach ag mná i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta. In 2016, thug an tUachtarán aitheantas do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann as a gcuid oibre tarrthála sa Mheánmhuir. 
Chomh maith leis an ócáid seo a reáchtáil in Áras an Uachtaráin, seolfaidh an tUachtarán teachtaireacht Lá ‘le Pádraig chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus ar fud an domhain trí ghréasáin Ambasáidí agus Misean thar lear. 

Beidh an teachtaireacht ar fáil chomh maith ar www.president.ie 

< CRÍOCH > 

NÓTAÍ 
·        Gach bliain, cuirtear dath glas ar fhoirgnimh cháiliúla agus ar shainchomharthaí cathrach ar fud an domhain in ómós do Lá Fhéile Pádraig. 
·         I mbliana, cuirfear dath glas ar os cionn 300 staid, dealbh, músaem agus túr ar fud na cruinne chun lá náisiúnta na hÉireann a chomóradh. Ar iarratas ón Uachtarán Ó hUigínn, déanfar an rud céanna le hÁras an Uachtaráin. 
·        Maíonn níos mó ná 70 milliún duine timpeall an domhain go bhfuil ceangal acu le hÉirinn agus tugann Lá Fhéile Pádraig deis dóibh, agus do dhaoine eile ar fud an domhain, ceangal an athuair le hoidhreacht agus le cultúr na hÉireann.   
·        Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis labhairt ar an iliomad ócáidí faoi thábhacht dhiaspóra na hÉireann, agus dúirt “nach sainítear an chlann Éireannach le teorainneacha ná críocha náisiúnta” ach, ina áit sin, “le cúram, comhbhá, cultúr comhroinnte agus tuiscint ar ár dtaithí stairiúil.” 

·        Ar a Chuairt Stáit chuig an Ghréig le gairid, labhair an tUachtarán chomh maith faoin imirce, faoin dlúthpháirtíocht agus faoi thábhacht an diaspóra.  

Tá téacsanna iomlána an Uachtaráin ar fáil ar www.president.ie 
Tá solas in Áras an Uachtaráin mar chomhartha ar cheangal náisiún na hÉireann lena chuid eisimirceoirí.