Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Bronnann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradam John Ford ar Martin Scorsese

Dáta: Dom 26th Fea, 2017 | 15:26

"Is cúis onóra dom gur iarradh orm Gradam John Ford de chuid Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann a bhronnadh ar Martin Scorsese.

Le 50 bliain anuas, tá sé tar éis an fhoirm ealaíne íomhá a dtugtar an scannánaíocht air a leathnú amach agus a chur os ár gcomhair; agus é sin á dhéanamh aige, tá cion fir ar leith déanta aige maidir le haitheantas a thabhairt don daonnacht is féidir teacht as na healaíona agus an daonnacht sin a scaoileadh saor.

Is tráthúil an gradam seo, atá á bhronnadh ar ghríosóir fhéidearthachtaí an scannáin, ag pobal óg, fuinniúil na scannán in Éirinn, a bhfuil aitheantas á thabhairt dó as a mhisneach agus a fheabhas. Is tráthúil, freisin, go gcuirtear i gcuimhne dúinn gur féidir leis na healaíona ár mothálacht a fhuascailt maidir le haon ghlacadh a bheadh againn le dosheachantacht na fulaingthe.

Is dóigh liomsa go dtugtar aitheantas i scannáin Martin Scorsese go bhfuil ár ndaonnacht gafa i bpobal comhroinnte na leochaileachta agus go bhfuil an ealaín, an scannánaíocht san áireamh, ar thaobh an tsaoil atá go hiomlán airitheach.

De thoradh ar a fhís chuimsitheach, ar a amharc nach n-iompaíonn sé, tá sé ceart agus cóir go dtabharfaí onóir do Martin Scorsese. Tá rogha maith déanta ag pobal scannánaíochta na hÉireann.

Tá cúis mhaith againn ugach a fháil agus muinín a bheith againn sa todhchaí de bharr a cheirde ar feadh caoga bliain agus de bharr an bhealaigh a léirítear an íomhá ina scannáin; tá níos mó tábhachta ná riamh ag baint le féidearthachtaí ár ndaonnachta, fiú mura bhfuil siad fós fíoraithe, agus níos mó tábhachta fós i ré an dorchadais.

Is cúis áthais dom Gradam John Ford de chuid Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann a bhronnadh ar Martin Scorsese, an máistir.

Beir Beannacht.”