Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán crann oifigiúil ag Áras an Uachtaráin

Dáta: Mái 3rd Már, 2015 | 12:05

Lean an tUachtarán Michael D. Higgins agus a bhean Sabina Higgins le traidisiún a thosaigh Dubhghlas de hÍde i 1939 nuair a chuir siad a gcrainn oifigiúla ag Áras an Uachtaráin mar chuid de Sheachtain na gCrann de chuid an BSL.

Phlandáil an tUachtarán  céadar gorm (Cedrus atlantica glauca) ar an bpríomhaibhinne agus phlandáil Sabina Higgins céadar na Liobáine (Cedrus libani) ar an taobh eile den aibhinne a théann suas go dtí an áit chónaithe oifigiúil.

Dúirt an tUachtarán Higgins inniu:

“Táim ag leanúint le traidisiún mo réamhtheachtaithe, na hIar-Uachtaráin a phlandáil crainn ar na tailte agus iad ina n-áitritheoirí in Áras an Uachtaráin, traidisiún a théann siar seachtó sé bliain. Ach téann an traidisiún siar níos faide ná sin fiú go dtí réim na Banríona Victoria a chuir an chéad chrann oifigiúil anseo san áit a dtugtar Cosán na Banríona air anois, agus í ar a cuairt ar theach Ionadaí an Rí i 1853.

Táim fíorshásta páirt a ghlacadh i Seachtain na gCrann de chuid an BSL agus muintir na hÉireann ar fud na tíre a spreagadh chun crainn a chur agus ar an mbealach sin cuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus aer níos glaine a sholáthar dúinn go léir”.

Thar na blianta tá cuairteoirí agus daoine uaisle cáiliúla eile tar éis crainn a phlandáil ag Áras an Uachtaráin. Chuir an Pápa Eoin Pól II dair ar an bhfaiche os comhair na colúnáide ó dheas sa bhliain 1979. Chuir na hUachtaráin John F Kennedy agus  Éamon de Valera araon ruachrainn mhara sa talamh nuair a tháinig Uachtarán na Stát Aontaithe ar cuairt ar an 27 Meitheamh 1963.

Le gairid chuir an Bhanríon Eilís II agus an tUachtarán Barack Obama araon crainn darach gar do Chlog na Síochána le linn a gcuairteanna go hÉirinn i mí na Bealtaine 2011 agus chuir an tIar-Uachtarán Mhic Giolla Íosa dair ghallda lena dtaobh sular imigh sí as oifig i mí na Samhna 2011.

Chuir Dubhghlas de hÍde, mar chéad Uachtarán na hÉireann, leamhán Cornach ar fhaiche thuaidh Áras an Uachtaráin i mí an Mhárta 1939. Ó shin i leith tá crann oifigiúil curtha ag gach aon cheann de naonúr Uachtarán na hÉireann i dtailte na háite cónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.