Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar a shlí go Meiriceá Laidineach

Dáta: Lua 6th Fea, 2017 | 12:15

Tá  An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis glacadh leis na cuirí ó Cheanna Stáit Pheiriú, na Colóime agus Chúba chun cuairt a thabhairt ar thrí thír i Meiriceá Laidineach, a chuirfidh borradh faoi cheangail pholaitiúla, chultúrtha agus eacnamaíochta, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar an gceangal domhan stairiúil idir Éirinn agus Meiriceá Laidineach.

Beidh sé ar an gcéad chuairt ag Uachtarán na hÉireann in oifig ar gach ceann de na trí thír.

Tá an chuairt bunaithe ar mhian luaite an Rialtais próifíl na hÉireann i Meiriceá Laidineach a fhorbairt agus cuideoidh sé le Straitéis Rialtais nua maidir le caidreamh na hÉireann leis an réigiún a fhoilseofar in earrach na bliana seo.

Peiriú

Beidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ag imeacht as Baile Átha Cliath ar an 7 Feabhra agus cuirfidh sé tús lena chuairt oifigiúil le cuairt ar uaigh Ambrosio O'Higgins, as Contae Shligigh ó dhúchas, a bhí ar dhuine de na Fir Ionaid Rí ba dheireanaí i bPeiriú le linn ré na Spáinne agus ar throid a mhac Bernardo O'Higgins ar son shaoirse na Sile agus ar ceapadh é mar Ard-Stiúrthóir Sile ina dhiaidh sin.

Tabharfaidh an tUachtarán aitheasc ar obair agus ar fhís dhaonnúil Ruairí Mhic Easmuinn, a rinne taifead ar an drochíde a bhí bainteach le cleachtais eastóscacha le linn an dúshaothraithe choilínigh.  Ina óráid, díreoidh an tUachtarán ar cheisteanna an dúchais, faoi láthair agus san am atá caite, agus le hionchur Ruairí Mhic Easmuinn i gcearta na ndaoine ina chuid oibre i gceantar Putamayo. Níos deireanaí an lá sin, beidh an tUachtarán i láthair ag fáiltiú don phobal Éireannach i bPeiriú.  

Dé hAoine 10 Feabhra, mar chuid de shraith imeachtaí searmanais leagfaidh an tUachtarán bláthfhleasc ar shéadchomhartha do laochra neamhspleáchais Pheiriú, déanfaidh sé iniúchadh ar gharda onóra agus cuirfear fáilte searmanais roimhe ag Pálás an Rialtais.

Buailfidh an tUachtarán leis an Uachtarán Pedro Pablo Kuczynski, eacnamaí ó thaobh gairme de, chun dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha a phlé agus roghanna an dá thír chun ceangail pholaitiúla, chultúrtha agus eacnamaíochta a neartú, chomh maith le pleananna chun an daonlathas, cearta an duine agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ar an leibhéal réigiúnach agus iltaobhach.

Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán Pheiriú go mbeidh sé chun an gradam is airde i bPeiriú, an "Gran Collar" ó Ord na Gréine, a bhronnadh ar an Uachtarán O hUigínn.

Beidh an tUachtarán ina fhinné ar shíniú comhaontuithe comhairleacha foirmiúla polaitiúla idir an dá rialtas. Beidh an tUachtarán ag bualadh, freisin, leis an Uasal Luz Salgado Rubianes, Uachtarán phairlimint Pheiriú, agus le comhaltaí na parlaiminte. 

An Cholóim

Ar chuireadh ón Uachtarán Juan Manuel Santos rachaidh an tUachtarán chuig an gColóim le haghaidh cruinniú leis an Uachtarán Santos agus cainteanna faoi chúlra an phróisis síochána sa Cholóim. 

I mBogotá, buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le ceannairí an ghrúpa cheannaircigh is mó sa Cholóim, an FARC, i gcampa tuaithe in iarthar na tíre, áit a bhfuil ceannaircigh, fórsaí an Rialtais agus breathnóiri na NA ag obair i gcomhar lena chéile chun cuidiú le díshlógadh agus ath-imeascadh na n-iarcheannaircigh i sochaí na Colóime. 

Dé Luain 13 Feabhra tabharfaidh an tUachtarán príomhaitheasc in Ollscoil Náisiúnta na Colóime (UNAL) ar an tsíocháin, ar an athmhuintearas agus ar an gcuimhneamh eiticiúil, agus go háirithe ar an ionchur ag próiseas síochána na Colóime i réiteach aighnis. 

Beidh an tUachtarán ansin mar fhinné ag comhaontuithe comhoibrithe idir Choláiste na hOllscoile Corcaigh agus roinnt institiúidí triú leibhéal sa Cholóim.  

San iarnóin, beidh cruinnithe ag an Uachtarán, a bhí ina bhall de thoscaireacht Oireachtais chuig an gColóim in 2010, le heagraíochtaí tábhachtacha sa tsochaí shibhialta atá bainteach leis an bpróiseas síochána agus le tionscnaimh a thacaíonn le forbairt inbhuanaithe, agus le hionadaithe ó cheardchumainn na tíre. 

Cúba

Dé Céadaoin 15 Feabhra rachaidh an tUachtarán chuig Havana ar chuireadh ó Uachtarán Chúba.  

Cuirfidh an tUachtarán tús leis an gcéad Chuairt Stáit riamh ag Uachtarán na hÉireann ar Chúba trí bhláthfhleasc a leagan ar shéadchomhartha tiomnaithe don fhile Cúbach agus laoch an neamhspleáchais José Martí, ag Plaza de la Revolución Havana.

Rachaidh an tUachtarán ina dhiaidh sin chun cuairte ar an Uachtarán Raúl Castro chun an caidreamh dáthaobhach idir an dá thír a phlé, chomh maith le ceisteanna maidir le comhoibriú réigiúnach idir an Eoraip agus Meiriceá Laidineach. 

Déardaoin 16 Feabhra, déanfaidh an tUachtarán turas ar shean-Havana agus freastal ar Aonach Leabhar Idirnáisiúnta Havana (Feria Internacional de los Libros), ceann de na haonaigh leabhar is mó ar domhan ina bhfuil Éire rannpháirteach den chéad uair.

Beidh an tUachtarán i láthair, mar Aoi Onóra, ag seoladh eagrán Chúba de 'Star of the Sea' leis an údar Éireannach Joseph O'Connor, in éineacht le hAire Cultúir Chúba, an tUasal Abel Prieto. is é ‘Star of the Sea’ an dara húrscéal Éireannach atá aistrithe i gCúba. Sa tráthnóna, beidh an tUachtarán i láthair ag fáiltiú don phobal Éireannach i gCúba.

Osclóidh an tUachtarán go foirmiúil an taispeántas 'The Irish in Latin America', a d'fhorbair an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Ambasáidí na hÉireann i Meicsiceo agus san Airgintín, i gcomhar le Cumann le Léann Mheiriceá Laidinigh na hÉireann (SILAS). 

Dé hAoine 17 Feabhra, tabharfaidh an tUachtarán, mar Phátrún ar Chumann le Léann Mheiriceá Laidinigh na hÉireann (SILAS), a phríomhaitheasc ag cruinniú leathbhliantúil lucht acadúil ollscoile as Éirinn, Meiriceá Theas, an Spáinn agus Meiriceá Thuaidh, i gcomhpháirt le hOllscoil Havana, an chéad cheann dá leithéid i gCúba. 

Ina dhiaidh sin rachaidh an tUachtarán chun cuairte ar an gCairdinéal Jaime Ortega agus beidh cruinnithe aige le raon leathan daoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu i sochaí Chúba. 

Ar an 18 Feabhra, beidh an tUachtarán i láthair ag seisiún ag comhdháil SILAS ar Éirinn agus Chúba, agus tabharfaidh sé cuairt ar Scoil Damhsa Náisiúnta Chúba. 

Níos deireanaí an lá sin, tabharfaidh an tUachtarán a aghaidh ar Bhaile Atha Cliath, áit a sroichfidh sé deireanach ar an Domhnach 19 Feabhra.