Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Michael D. Higgins comhghairdeas le Mary Robinson ar a ceapadh mar Thoscaire Speisialta

Dáta: Mái 1st Iúi, 2014 | 14:01

Rinne an tUachtarán Michael D. Higgins comhghairdeas inniu leis Iar-Uachtarán Mary Robinson ar a ceapachán mar Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, agus dúirt:

“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an Iar-Uachtarán Mary Robinson ar a ceapadh mar Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, ar onóir mhór d’Éirinn atá ann.

Tá an t-athrú aeráide, ceartas na haeráide agus a thionchar ar ár gcomhshaol i measc ceisteanna práinneacha na linne seo. Tugtar aitheantas soiléir leis an gceapachán seo ní hamháin don tábhacht a bhaineann leis an bplainéad a chothabháil agus le cúram a dhéanamh don chomhshaol ach do cheist thábhachtach an cheartais idirghlúine chomh maith.

Is rogha den scoth atá i gceapadh Mary Robinson le haghaidh róil atá chomh suntasach sin. Tabharfaidh sí léi chuig an tasc nua a taithí mhór i réimse chearta an duine agus na taidhleoireachta, a cumas chun tabhairt faoi na dúshláin i réigiún Mór-Lochanna na hAfraice chomh maith lena scileanna i mbailiú ceannairí domhanda le chéile chun tabhairt faoi chúis choiteann. Guím gach rath ar an Iar-Uachtarán Robinson san obair ríthábhachtach seo a bhfuil an cumas ann dul chun sochair do shaoránaigh an domhain.”