Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn le cuairt a thabhairt ar Albain

Dáta: hAo 24th Mei, 2016 | 12:48

24 Meitheamh 2016
 
 
Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Albain an tseachtain seo chugainn, mar a bhfuil   cuireadh glactha aige aitheasc a thabhairt do Pharlaimint na hAlban agus a mbronnfaidh Ollscoil Dhún Éideann céim oinigh air.
 
Beidh a bhean chéile, Saidhbhín Uí Uigínn i dteannta an Uachtaráin agus beidh an tAire Stáit Joe McHugh T.D. ina ionadaí ag an Rialtas.
 
Maidin Dé Luain, an 27 Meitheamh, beidh an tUachtarán i láthair ag imeacht an phobail Éireannaigh i nGlaschú, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú aige leis an Uasal Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban.  Sa tráthnóna, beidh an tUachtarán i láthair ag léiriú cultúrtha – ‘Ceangal’.
 
Dé Máirt an 28 Meitheamh, bronnfar céim oinigh Dochtúireachta sa Dlí in Ollscoil Dhún Éideann ar an Uachtarán. Sa tráthnóna, beidh dinnéar á óstáil ag an Ollamh Timothy O’Shea in onóir an Uachtaráin.
 
Dé Céadaoin an 29 Meitheamh, labhróidh an tUachtarán le Teachtaí Parlaiminte i dTeach na Parlaiminte i  Holyrood. Sa tráthnóna, beidh an tUachtarán i láthair ag siompóisiam ar stair na hÉireann mar a dtabharfaidh sé aitheasc, arna óstáil ag Scoil na Staire, na gClasaicí agus na Seandálaíochta in Ollscoil Dhún Éideann.
 
Lá arna mhárach, Déardaoin an 30 Meitheamh, rachaidh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uiginn chun na Fraince chun freastal ar ócáid chomórtha céad bliain Chath an Somme.