Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le Cuairt Stáit a thabhairt ar Mhálta

Dáta: Mái 10th Bea, 2022 | 11:31

Fógraíodh sonraí Chuairt Oifigiúil an Uachtaráin Uí Uigínn ar Mhálta atá le teacht, an chéad chuairt ar Mhálta ag Ceann Stáit na hÉireann ar Mhálta ó 2006 i leith.

Rinneadh an chuairt seo a athsceidealú tar éis í a chuir siar i mí na Nollag 2021 i bhfianaise forbairtí domhanda i dtaca le teacht chun cinn athraitheach Omicron Covid-19.

Beidh Heather Humphreys TD, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail mar Aire tionlacain i dteannta an Uachtaráin agus Shaidhbhín Uí Uigínn.    

Anuas ar chruinnithe le ceannairí polaitiúla ag leibhéal an Stáit - an tUachtarán George Vella, an Príomh-Aire Robert Abela, Ceannaire an Fhreasúra Bernard Grech agus Spéicéir Theach na nIonadaithe Anglu Farrugia ina measc - tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn eochairaitheasc ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Tearmann, lonnaithe in Valletta, áit a mbuailfidh sé freisin le mic léinn Ollscoil Mhálta, Acadamh na Meánmhara sa Léann Taidhleoireachta (MEDAC) san áireamh.

Thar tréimhse na Cuairte Stáit, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar go leor láithreacha cultúrtha agus stairiúla, agus buailfidh sé freisin le baill an phobail Éireannaigh i Málta. Bunaíodh caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus Málta i 1990 agus chuaigh Málta isteach san AE le linn Uachtaránacht Éireannach an AE in 2004.

 

Clár

Lá 1 

Tosófar le coinní oifigiúla Déardaoin 12 Bealtaine, nuair a chuirfidh Uachtarán Mhálta, George Vella agus a bhean chéile Miriam Vella fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn go Málta i bPálas San Anton, Attard.

Cuirfidh an tUachtarán Vella fáilte roimh an Uachtarán do chruinniú i bPálas San Anton, ansin beidh cruinniú acu lena chéile agus lena dtoscaireachtaí. Ar chlár chruinniú na nUachtarán tá ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach, ina measc forbairtí san Úcráin, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Méadú agus gnóthaí AE-RA; saincheisteanna domhanda cosúil leis an iltaobhachas, an neamhspleáchas mar uirlis síochána, an imirce, an athrú aeráide agus Comhairle Slandála an AE; forbairtí i gceantar na Meánmhara; agus óstáil Mhálta ar chruinniú 2022 de Ghrúpa Arraiolos na gCeann Stáit neamhfheidhmiúchán Eorpach.

Taistealóidh an tUachtarán Ó hUigínn ansin le fleasc a chur ag an gCuimhneachán Cogaidh in Floriana, an baile daingnithe lonnaithe taobh amuigh de Valletta. Níos déanaí an lá sin, buailfidh an tUachtarán leis an bPríomh-Aire, an tUasal Rober Abela, Feisire, le Ceannaire an Fhreasúra, an tUasal Bernard Grech, Feisire agus le Spéicéir Theach na nIonadaithe, an tUasal Anġlu Farrugia. Cuirfear críoch leis an lá ag Dinnéar Stáit faoi scáth an Uachtaráin Vella, nuair a thabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn óráid ghearr mar fhreagra ar an Uachtarán Vella.

 

Lá 2

Tosóidh an dara lá le cuairt ar cheanncheathrú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Tearmann (GAET), nuair a thabharfaidh an tUasal Mark Camilleri, Ceannasaí Ionaid Bainistíochta agus Ceannasaí an Rialachais faisnéis don Uachtarán Ó hUigínn. I ndiaidh an chruinnithe, tabharfaidh an tUachtarán eochairaitheasc ar cheist an imirce do lucht leanúna, ina measc aíonna GAET, foireann agus mic léinn Ollscoil Mhálta agus Acadamh na Meánmhara sa Léann Taidhleoireachta (MEDAC). Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann ina dhiaidh sin.

Ar an dara lá, beidh cuairteanna ar láithreáin stairiúla éagsúla ar maidin, Valetta agus Gairdíní Barrakka Uachtaracha san áireamh, ina dhiaidh sin beidh lón príobháideach á óstáil ag an Uachtarán Vella agus Bean Vella i bPálas Verdala.

Cuirfear deireadh leis an dara lá ag MUZA, Músaem na Mínealaíne in Valetta, áit a mbeidh an tUachtarán mar aoi oinigh ag fáiltiú don phobal Éireannach faoi scáth Patrick Duffy, Amabasadóir na hÉireann chun Mhálta.

 

Lá 3

Ar lá deireanach na Cuairte Oifigiúla, Dé Sathairn 14 Bealtaine, beidh cuairt ar na teampaill meigiliteacha ag Ħaġar Qim, Qrendi ann. Fillfidh an tUachtarán ar Phálas San Anton ansin ina mbeidh comhrá príobháideach deireanach idir an tUachtarán Vella agus an tUachtarán Ó hUigínn, agus ansin beidh searmanas plandála crann ann. Ina dhiaidh seo, fillfidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar Éirinn, agus cuirfear deireadh leis an gCuairt Stáit le Searmanas Imeachta in Aerfort Idirnáisiúnta Mhálta.