Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le haitheasc a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe

Dáta: hAo 20th Meá, 2019 | 14:52

Rachaidh an tUachtarán Ó hUigínn go Nua Eabhrac Dé Luain 23 Meán Fómhair, áit a dtabharfaidh sé aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. 
  
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tUachtarán faoi shraith cruinnithe ardleibhéil iltaobhacha sna Náisiúin Aontaithe ar an 25-27 Meán Fómhair. 

Tráthnóna Dé Céadaoin (am Nua Eabhrac) déanfaidh an tUachtarán ráiteas náisiúnta na hÉireann a chur i láthair Chomhthionól Ginearálta na NA agus maidin Dé hAoine, tabharfaidh an tUachtarán aitheasc do chruinniú mullaigh athbhreithnithe maidir le tacaíocht idirnáisiúnta do Stáit Bheaga Oileánda i mbun Forbartha. 

Is deis shuntasach a bheidh i gcuairt an Uachtaráin chun cur le próifíl na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe agus chun béim a chur ar thábhacht na NA agus an chórais iltaobhaigh d’Éirinn.  

Beidh an chuairt ar siúl agus na Náisiúin Aontaithe ag reáchtáil sraith cruinnithe mullaigh faoin “bhforbairt inbhuanaithe” agus faoin dul chun cinn i dtaca leis na Spriocanna Forbartha Inbuanaithe a aontaíodh in 2015. 

I dteannta leis na cruinnithe ardleibhéil sna Náisiúin Aontaithe, beidh an tUachtarán ag freastal ar roinnt imeachtaí le diaspóra na hÉireann i Nua Eabhrac. Tabharfaidh sé eochairaithisc ag dhá cheann d’ollscoileanna Nua Eabhrac: in Ollscoil Nua Eabhrac tabharfaidh an tUachtarán aitheasc faoi nascadh na hÉiceolaíochta, an Gheilleagair agus na Sochaí, agus ag Ollscoil Fordham díreoidh an tUachtarán ar “An Daonnúlacht agus an tIntleachtóir Poiblí in Am na Géarchéime”. 

Ar lá deiridh a chuairte chuig Nua Eabhrac, nochtfaidh an tUachtarán Ó hUigínn dealbh nua le John Behan, a choimisiúnaigh Misean Buan na hÉireann chuig na NA, agus beidh sé páirteach in agallamh poiblí i Leabharlann Phoiblí Nua Eabhrac, arna mhodhnú ag Dan Barry. 


NÓTAÍ: 

  • Beidh sé seo ar an gceathrú cuairt ag an Uachtarán Ó hUigínn chuig Nua Eabhrac, tar éis dó cuairteanna a thabhairt in Aibreán/Bealtaine 2012, Meán Fómhair 2015 agus Aibreán 2018.
     
  • In Aibreán 2018, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na NA chomh maith: https://president.ie/ga/diary/details/president-addresses-the-un-general-assembly
     
  • Tá an tUachtarán tar éis aitheasc a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe ar ócáidí eile, ina measc: 

1.        Thug an tUachtarán an Príomhaitheasc ag cruinniú mullaigh de chuid an ILO dar teideal Domhan an tSaothair: https://president.ie/en/diary/details/president-delivers-keynote-address-at-ilo-world-of-work-summit-geneva (2018) 
2.        Rinne an tUachtarán freastal ar Chruinniú Mullaigh Domhanda na Daonnúlachta: https://president.ie/en/diary/details/president-attends-the-world-humanitarian-summit-istanbul (2016) 
3.        Thug an tUachtarán an príomhaitheasc ag Comhdháil Bainistiú Fiachais de chuid UNCTAD: https://president.ie/en/diary/details/president-attends-and-delivers-a-keynote-address-the-10th-unctad-debt-manag (2015) 
4.        Thug an tUachtarán an phríomhtheachtaireacht ag seisiún ar an Ocras de chuid na NA: https://president.ie/en/diary/details/president-delivers-a-keynote-message-at-a-session-on-mobilising-generation-zero-hunger (2015)