Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Clár an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, i gcomhair Lá Fhéile Pádraig 2019

Dáta: Déa 14th Már, 2019 | 16:00

Beidh lá iomlán coinní poiblí ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín ar Lá Fhéile Pádraig, mar seo a leanas:

  • Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag liotúirge speisialta Lá Fhéile Pádraig, arna cheiliúradh ag an Ardeaspag Diarmuid Martin i Leas-Ardeaglais Bhaile Átha Cliath maidin Dé Domhnaigh.
  • Ina dhiaidh sin, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ag freastal ar Pharáid Lá Fhéile Pádraig ar Shráid Uí Chonaill.
  • Díreach i ndiaidh na paráide, rachaidh an tUachtarán chuig Páirc an Chrócaigh chun féachaint ar chluiche ceannais iománaíochta chlubanna na hÉireann, idir Seamróga Bhaile Héil as Cill Chainnigh agus CLG Naomh Tomás na Gaillimhe, chomh maith le cluiche ceannais peile chlubanna na hÉireann idir Cumann an Dr. Chrócaigh as Ciarraí agus Cumann Chora Finne as Contae na Gaillimhe.
  • Ar fhilleadh dó ar Áras an Uachtaráin beidh an tUachtarán ina óstach ar an gcéad fháiltiú Lá Fhéile Pádraig dá dhara téarma mar Uachtarán na hÉireann. Beidh fáiltiú speisialta á reáchtáil aige mar aitheantas ar iarrachtaí na bhfoirne túslíne sna heagrais iomadúla dheonacha agus reachtúla a bhíonn i mbun oibre chun tacú leis na daoine gan dídean.


Ina chéad téarma in oifig bhí an tUachtarán ag iarraidh dul i ngleic le cuid de na fadhbanna sóisialta a bhí ag teacht roimh shochaí na hÉireann agus roimh an bpobal domhanda, agus d’éiligh sé dearcadh athnuaite ar an dlúthpháirtíocht shóisialta, agus mar shampla, réiteach radacach ar ghéarchéim na heaspa dídine.   Tá fonn air leanúint leis an mbéim sin ina dhara téarma.

Tá teachtaireacht na Féile Pádraig seolta cheana ag an Uachtarán chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear trí ghréasán Ambasáidí agus Misean na hÉireann thar lear.  

Beidh an teachtaireacht ar fáil ar www.president.ie