Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Buaileann an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn leis an Uasal Mike Ryan ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Dáta: Céa 5th Ean, 2022 | 15:47

Chuir an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn fáilte roimh an Uasal Michael Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chláir Éigeandála Sláinte Poiblí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) ar chuairt chúirtéise in Áras an Uachtaráin.

Bhronn an tUachtarán Gradam um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin ar an Dr Ryan, mar aitheantas ar a sheirbhís ollmhór do shláinte phoiblí an domhain thar tréimhse fada blianta. Bhí an Dr Ryan in ainm agus an Gradam, a thugann aitheantas d’ionchur bhaill an diaspóra Éireannaigh, a fháil ag searmanas san Áras ar an 2 Nollaig 2021, ócáid ag a mbronnfaí an gradam ar fhaighteoirí 2020 agus 2021. Ní raibh an Dr in ann a bheith i láthair, áfach, mar gheall ar a chuid oibre leanúnach leis an WHO. 

Le linn a gcruinnithe, thug Dr Ryan cuntas don Uachtarán Ó hUigínn ar obair an WHO go dtí seo le dul i ngleic le paindéim COVID-19, na dúshláin a tháinig le ráig Omicron san áireamh, agus phléigh sé tábhacht rochtain chothrom vacsaínithe leis an Uachtarán. Ghabh sé buíochas leis an Uachtarán as an tacaíocht a léirigh sé do chúis thábhachtach na rochtana domhanda ar vacsaíní COVID-19.

Phléigh an tUachtarán agus an Dr Ryan na fíricí a cuireadh i láthair ag an seisiún eolais don phreas ar an 29 Nollaig le Stiúrthóir an WHO, Dr Tedros Adhanom Ghebreyesus agus príomhbhaill eile na foirne, an Dr Ryan san áireamh. Léirítear sna figiúir is déanaí go bhfuil rátaí fíor-ísle vacsaínithe sa deisceart domhanda, san Afraic go háirithe, gan ach 6% de mhuintir na hAfraice vacsaínithe go hiomlán agus 27% d’oibrithe sláinte trasna na hAfraice vacsaínithe go hiomlán. 

I measc na samplaí praiticiúla a d’úsáid Dr Ryan arbh fhéidir le hÉirinn tionchar láithreach a imirt ná trí thacaíocht a thabhairt don Mhol Aistrithe Teicneolaíochta san Afraic Theas agus tacú leis an traenáil agus leis an mbithdhéantúsaíocht.

I ráiteas a foilsíodh tar éis chuairt chúirtéise an lae inniu, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: 

“Bhí an-áthas orm bualadh leis an Dr Mike Ryan agus le Gradam um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin a bhronnadh air. Tá seirbhís den chéad scoth déanta ag an Dr Ryan do shláinte phoiblí an domhain thar tréimhse fada blianta, agus leis seo tá cáil agus stádas na hÉireann ardaithe aige. Is féidir le gach Éireannach a bheith bródúil as a cheannaireacht dhomhanda den chineál is fearr, sé sin ionchur ar an tsláinte dhomhanda gan teorainneacha. Léirigh an Dr Ryan ina chuid oibre diongbháilteacht agus fócas, ag cur chun cinn straitéis chuimsitheacha le scaipeadh an víris COVID-19 a chur faoi chois, mar aon le slite beatha agus cearta daonna a chaomhnú.  Sheas sé i gcónaí ar son eolas agus teicneolaíocht a roinnt leo siúd nach bhfuil sé acu, go háirithe i gcodanna den domhan atá i mbéal forbartha. Le linn chruinniú an lae inniu, phléamar ár n-imní ollmhór maidir le rochtain chothrom, dhomhanda ar vacsaíní COVID-19 ar fud na cruinne a bhaint amach. Mar a luaigh mé i mo litir chuig mo chomhUachtaráin eile sa Ghrúpa Arraiolos le déanaí, a bhfuil 15 Uachtaráin Eorpacha neamh-fheidhmiúcháin mar bhaill ann, creidim gur ceist mhorálta den chéad scoth í dúinne, mar Eorpaigh agus mar shaoránaigh an domhain. Ar an ábhar seo, creidim gur chóir don Eoraip, ní hamháin go praiticiúil ach mar fhreagracht mhorálta, freagra a thabhairt ar an Stór Teicneolaíochta COVID-19 (C-TAP) a sheol an WHO anuraidh, go tiomanta agus go díograiseach le dul i ngleic le constaic ar bith. Ag tús na paindéime, dúirt an Dr Tedros Adhanom Ghebreyesu, Ard-Stiúrthóir an WHO go raibh eolaíocht, réitigh agus dlúthpháirtíocht ag teastáil le dul i ngleic le bagairt COVID-19, agus tagraím dá thráchtanna is deireanaí maidir leis seo. Creidim go bhfuil sé tábhachtach nach sáraíonn na constaicí seo na prionsabail atá leagtha agam ag an Dr Tedros ar son an WHO, gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe a bhfuil an fhreagracht uirthi sa réimse seo agus a bhfuil na ballstáit ar fad tar éis tacú léi. Tá orainn na deiseanna comhoibrithe idirnáisiúnta seo a thapú le dul chun cinn a dhéanamh ar an gceist. Más féidir linn teacht le chéile agus an ceann is fearr a fháil ar phaindéim COVID-19, beidh sé ina eiseamláir den chomhoibriú idirnáisiúnta a bheidh de dhíth orainn le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra eile atá os comhair an domhain san éiceolaíocht, san aeráid agus sa timpeallacht.”