Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Comhghairdeas déanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le Príomh-Aire na hAetóipe Abiy Ahmed agus Duais Nobel na Síochána 201

Dáta: hAo 11th Dei, 2019 | 14:01

"Ar son mhuintir na hÉireann ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bPríomh-Aire Abiy Ahmed agus Duais Nobel na Síochána 2019 á bronnadh air.

Tá aitheantas á thabhairt ag an gCoiste Nobel, agus Duais Nobel na Síochána á bronnadh ar an bPríomh-Aire, dá chuid iarrachtaí chun an tsíocháin agus an comhoibriú idirnáisiúnta a bhaint amach, agus go háirithe chun muintir na hAetóipe agus na hEiritré a thabhairt níos gaire dá chéile.

Tá sé ceart agus cuí go mbronnfaí duais na bliana seo, an 99ú duais dá leithéid i stair na Duaise Nobel, ar Phríomh-Aire na hAetóipe, tír a léiríonn an oiread sin de dhóchas agus de neart ilchríoch na hAfraice.”