Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fáiltiú á óstáil ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun glaoch na chéad ban chun an Bharra a chomóradh

Dáta: Céa 3rd Sam, 2021 | 17:30

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáiltiú a óstáil an iarnóin seo in Áras an Uachtaráin chun glaoch na chéad ban chun an Bharra in Éirinn céad bliain ó shin a chomóradh.
 
Ar an 1 Samhain 1921, glaodh Frances Kyle agus Averil Deverell chun an Bharra, na chéad mná a bhain sin amach in Éirinn nó sa Bhreatain. Sa bhliain inar glaodh chun an Bharra í, bhain Frances Kyle amach an chéad áit i scrúduithe an Bharra, agus ba í Averil Deverell an chéad bhean a chleacht mar abhcóide ar cheachtar den dá oileán. 
 
Chun an cothrom céad bliain a chomóradh, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh inniu do roinnt ban mór le rá a thug seirbhís sa Dlí in Éirinn chuig Áras an Uachtaráin, ina measc Uachtarán na hArd-Chúirte, An Breitheamh Mary Irvine; Uachtarán na Cúirte Cuarda, an Breitheamh Patricia Ryan; Iar-Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus an Breitheamh Fidelma Macken; an Chéad Ard-Aighne mná agus Breitheamh na Cúirte Achomhairc, an Breitheamh Máire Whelan; agus Cathaoirleach Chomhairle Bharra na hÉireann,  Maura McNally A.S.
 
Ag labhairt dó ar an ócáid thábhachtach céad bliain sin, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:
 
“Céad bliain ó shin, bhí Frances Kyle agus Averil Deverell ar thús cadhnaíochta nuair a cheadaigh siad don sochaí córas dlí a shamhlú a chuimseodh daoine éagsúla agus difriúla. Ar feadh an chéid sin, ghlac go leor mná, lena n-áirítear cuid mhaith díobh atá anseo inniu, leis an dúshlán sin agus ghlacadar lena ról chun sinn a bhogadh i dtreo an lae a mbeadh mná ag obair ar gach leibhéal i ngairm an dlí, nó go deimhin i ngairm ar bith, agus gur gnáthrud seachas eisceacht a bheadh ansin. 
 
Glacaim buíochas libh agus molaim sibh as bhur gcion oibre tábhachtach chun sochaí níos fearr agus níos córa dár muintir uile a chruthú. 
 
Beartaímis inniu, freisin, é a chur romhainn go mbeidh gairm dlí an abhcóide ina ceann a bheidh éagsúil i ndáiríre, le dearcadh agus comhbhá níos fairsinge go mór agus a léiríonn sochaí atá saibhrithe ag daoine ón iliomad cúlraí, cultúr agus traidisiún – sochaí ina mbeidh an oiread sin sodhéanta agus insamhlaithe.”
 
Le linn na tréimhse 1921 go 1973, níor glaodh ach ar 100 bean chun an Bharra in Éirinn, cé go ndearna cuid mhaith díobh siúd ar glaodh orthu cion mná an-suntasach ar son Dhlí na hÉireann agus shochaí na hÉireann araon.  Tá líon na mban a glaodh chun an Bharra ó shin méadaithe go mór sna scórtha bliain ó shin, agus sa bhliain dhlíthiúil 2020/21 ba mhná a bhí in 50% de na baill nua den chéad uair.