Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Óstálann Mícheál D. Ó hUigínn an cúigiú seimineár ‘Machnamh 100’

Dáta: Déa 26th Bea, 2022 | 13:29

Beidh Machnamh V, an cúigiú seimineár as sé i sraith seimineár Machnamh 100 an Uachtaráin le fáil ar Sheinnteoir RTÉ agus ar chainéal Youtube an Uachtaráin ó 7i.n. tráthnóna. Tagann teideal na sraithe ón bhfocal Gaeilge ‘machnamh’, coincheap ársa sa Ghaeilge is ea é a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh.

Déanfaidh an cúigiú seimineár sa tsraith, dar teideal ‘Bunchlocha Bunreachtúla, Institiúideacha agus Idé-Eolaíocha: Castacht agus Conspóid’, iniúchadh ar an tréimhse tar éis an Chogaidh Chathartha agus ar na húdaráis agus ar dhlisteanacht sna heagraíochtaí nuabhunaithe ó thuaidh agus ó theas. Beidh machnamh faoi leith ann ar shaincheist an eisiata: na grúpaí éagsúla imeallaithe ar bhealaí éagsúla ag an Stát, coincheapa ‘na measúlachta’, ‘an stádais’ agus ‘leas sa tír’, mar aon le tábhacht sheilbh na talún agus na grúpaí a measadh nach raibh i dteideal a leithéid, anuas ar cheisteanna aicme, stáit agus féiniúlachta.

Is é an tOllamh Brendan O’Leary ó Ollscoil Pennsylvania a thabharfaidh an príomh-mhachnamh agus freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an tUachtarán Ó hUigínn, an tOllamh Henry Patterson (Ollscoil Uladh), an tOllamh Lindsey Earner Byrne agus an Dr Theresa Reidy (ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh an bheirt acu). Is é an Dr John Bowman a bheidh ina chathaoirleach ar an ócáid. 

Ina chaint féin, maíonn an tUachtarán go bhfuil imeachtaí 1922 go 1926 i measc na n-imeachtaí is tábhachtaí i stair nua-aimseartha na hÉireann – ní hamháin de bharr na gcoinníollacha as a d’eascair siad agus na hiarmhairtí a thit amach mar thoradh orthu, ach as an eolas a tugadh dúinn faoin neamhspleáchas, faoin gcothromaíocht idir dhualgais pharlaiminte agus gníomhaíocht mhíleata, faoi chumhacht impireachta agus faoi fhís mhiotaseolaíoch an neamhspleáchais.

Le linn a óráide, deir an tUachtarán:

“Ní féidir fanacht amach, creidim, ó mhachnamh a dhéanamh ar na saolta arbh fhéidir a shábháil agus na caidrimh a fhorbrófaí, dá nglacfadh le mian agus le vótaí fhormhór na ndaoine ar an oileán ar son an neamhspleáchais i 1918. Tá ár neamhspleáchas anois againn mar gur troideadh ar a shon. Ní raibh aon dul as áfach, ó chogadh leis an impireacht agus níos déanaí, cogadh cathartha tar éis chríoch an Chonartha”.

Luann an tUachtarán go sonrach anchaoi iad siúd a chaill an Chogaidh Chathartha nuair a rinne siad iarracht filleadh ar an tsochaí agus an t-eisiamh agus an náire a raibh orthu dul i ngleic leo, mar aon le tábhacht na talún agus coincheap na ‘measúlachta’, sa tréimhse iar-neamhspleáchais.

Deir an tUachtarán:

“Gné shuntasach de shaoil na ndaoine a ndearnadh imtheorannú orthu is ea an t-imeallú a dhéantaí orthu i dtéarmaí a ngairme, a dteanga. Tagann siad ó imeall shochaí chléireachais a dhéanann cur síos anois ar cad atá “measúil”.

Leanann an tUachtarán air, ag rá:

“Bhíodh saincheisteanna talún ar fud na háite. Lean Coimisiún na Talún le talamh feirme a hathdháileadh in Éirinn, le talamh neamh thionónta ag brath ar orduithe ceannacháin éigeantacha, talamh a dháiltí de ghnáth ar theaghlaigh gan talamh, ach cuireadh seo i bhfeidhm ar bhonn éagothrom trasna an Stáit, le gluaiseacht ag teacht chun cinn ó líonraí IRA a mhaígh go raibh neamhaird á déanamh orthu siúd a thug bata is bóthar do Thiarnaí Talún”.

Ag cur crích lena chuid cainte, deir an tUachtarán:

“Tá athrú tagtha, cé go bhfuil sé rómhall agus ródhéanach do roinnt daoine. Ní mór dúinn fáilte a chur roimh na scoilteanna seo a lig isteach an solas, a thug an deis do phobail cúis an fhoréigin a úsáideann na húdaráis seo a fheiceáil agus a thuiscint ar bhealach nua den chéad uair. Tuigimid anois an luach a bhaineann leis an bhfáilteachas agus leis an bhfiúntas sa dioscúrsa. Tá siad seo iontach tábhachtach. Is é sin a thugann dóchas dúinn”.

Rinneadh an seimineár a thaifead os comhair lucht féachana i Seomra de hÍde Áras an Uachtaráin. Sa lucht féachana bhí scoláirí a bhfuil spéis faoi leith acu sa tréimhse úd, mar aon le múinteoirí staire agus mic léinn mheánscoile.  

Tá rún ann go mbeidh an seimineár deireanach i sraith Machnamh 100 taifeadta agus craolta ar Sheinnteoir RTÉ i mí na Samhna. Faoin teideal ‘Gníomhartha Comórtha: Bród, Crá agus Peirspictíocht’, ag leanúint ó sheimineáir roimh ré, éascóidh an seimineár machnamh ginearálta, déanfar iniúchadh freisin ar shaincheist an Chomórtha – idir chomóradh príobháideach agus poiblí; an spreagadh agus na riachtanais a bhaineann le gach cás; an té a roghnaíonn cad atá le ‘comóradh’, cathain agus conas a dhéanfaí amhlaidh, agus an chaoi arbh fhéidir brí a bhaint as.