Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Sonraí Chuairt Stáit an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, ar an nGearmáin, 3-5 Iúil, á bhfógairt

Dáta: Lua 1st Iúi, 2019 | 13:01

D’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu sonraí a Chuairte Stáit ar an nGearmáin atá le teacht, an chéad chuairt dá leithéid ag Ceann Stáit na hÉireann ó 2008.

Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn á dtionlacan ar an gCuairt Stáit ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney. Chomh maith lena chruinnithe le ceannairí polaitiúla ar leibhéal cónaidhme, stáit agus cathrach, beidh sé páirteach i roinnt imeachtaí arna n-óstáil ag Fiontar Éireann, Bord Bia agus Turasóireacht Éireann, chun cuidiú lena gcuid oibre agus iad ag neartú ceangal gnó.

I rith na trí lá tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar cheithre stát de chuid na Gearmáine, agus ar an bpríomhchathair Beirlín, Frankfurt in Hesse, Wurzburg sa Bhaváir agus Leipzig sa tSacsain ina measc, rud a léiríonn tiomantas rialtas na hÉireann ár gcaidreamh leis an nGearmáin a dhoimhniú – páirtí polaitiúil agus eacnamaíochta ríthábhachtach d’Éirinn agus tírdhreach torthúil maidir le cultúr na hÉireann.  

Beidh an chuairt ar siúl 90 bliain tar éis bhunú caidrimh thaidhleoireachta idir an dá thír.

 

Clár

 

Lá 1

Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit Dé Céadaoin, 3 Iúil, le fáilte fhoirmiúil ó Uachtarán na Gearmáine, an tUasal Frank-Walter Steinmeier, ag Schloss Bellevue.

Tar éis na gcruinnithe leis an Uachtarán Steinmeier, tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar Gheata Brandenburger, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú ag an Uachtarán le Méara Rialaithe Bheirlín, an tUasal Michael Müller. Ansin leagfaidh an tUachtarán fleasc ag séadchomhartha náisiúnta na Gearmáine, an Neue Wache.

San iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do chruinniú ceannairí gnó sa tionscal agraibhia, arna óstáil ag Bord Bia. Díreoidh an t-imeacht ar láithreacht bianna easpórtáilte ardchaighdeáin na hÉireann a mhéadú i margadh na Gearmáine.

Beidh cruinnithe ag an Uachtarán ina dhiaidh sin leis an Seansailéir, an tUasal Angela Merkel, sa tSeansailéireacht Chónaidhme agus le hUachtarán Pharlaimint náisiúnta na Gearmáine, an tUasal Wolfgang Schäuble, san Bundestag.

Ina dhiaidh sin beidh an tUachtarán ag freastal ar imeacht arna óstáil ag Fiontar Éireann i gcomhair POFanna 20 comhlacht mór le rá as Éirinn, agus a bpáirtithe gnó Gearmánacha.

Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag Dinnéar Stáit arna óstáil ag an Uachtarán Steinmeier agus ag an Uasal Elke Büdenbender ina n-onóir.
 

Lá 2

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc dá Chuairt Stáit in Ollscoil Leipzig.

Beidh an tUachtarán Ó hUigínn ar chéad Cheann Stáit na hÉireann le Leipzig – cathair san iar-Ghearmáin Thoir – a chur san áireamh i gclár Cuairte Stáit, rud a léiríonn go bhfuil níos mó i gceist ag Éirinn ná na hionaid chaidrimh thraidisiúnta agus go bhfuil sé i gceist ceangail nua a chruthú don todhchaí.

Ina aitheasc dar teideal ‘Todhchaí na hEorpa; athchothromú á dhéanamh ar an éiceolaíocht, an eacnamaíocht agus an eitic’, molfaidh an tUachtarán an caidreamh idir Éire agus an Ghearmáin agus déanfaidh sé machnamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá i gcomhoibriú agus i bhforbairt inbhuanaithe chuimsitheach na hEorpa.

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ansin ar Eaglais Naomh Nioclás agus beidh cruinnithe aige le Méara Leipzig, an tUasal Burkhard Jung agus le hAire-Uachtarán Shaorstát na Sacsaine, an tUasal Michael Kretschmer.

An tráthnóna sin, cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Uachtarán Steinmeier na Gearmáine chuig léiriú speisialta de chuid den tsraith  “Other Voices”, arna léiriú ag Philip King in Kreuzberg, i mBeirlín.

 

Lá 3

Buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn leis an bPríomheacnamaí nuathofa sa Bhanc Ceannais Eorpach, an tUasal Philip Lane, sula rachaidh sé ar aghaidh chuig Würzburg sa Bhaváir, cathair a bhfuil ceangal láidir cultúrtha agus eaglasta aici le hÉirinn ó am Naomh Cillín, a shroich an chathair in AD 686.

Buailfidh an tUachtarán le Méara Würzburg, an Dr. Adolf Bauer, agus le ceannairí áitiúla eile, sula dtabharfaidh sé a aghaidh ar Frankfurt, áit a ndéanfaidh sé ceiliúradh ar oscailt Consalachta Ginearálta nua, an chéad ionadaíocht taidhleoireachta dá leithéid ar mhór-roinn na hEorpa sa ré nua-aimseartha.  

Beidh cruinniú ansin ag an Uachtarán Ó hUigínn le hAire Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha Rialtas Stáit Hessen , an tUasal Lucia Puttrich, sula gcuirfidh sé deireadh leis an gCuairt Stáit.