Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le Shane Lowry tar éis a bhua i gCraobh Oscailte Gailf na Breataine
Dáta: Dom 21st Iúi, 2019 | 18:12
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Shane Lowry faoin ngaisce iontach atá déanta aige sa Chraobh Oscailte i gClub Ríoga Phort Rois inniu, gaisce pearsanta agus gaisce stairiúil chomh maith.
Ciallaíonn a bhua inniu, ar chúrsa iontach agus le tacaíocht ó shlua glórach, go bhfuil sé ar chomhchéim le Fred Daly, Pádraig Harrington, Darren Clarke agus Rory McIlroy agus é ina chúigiú buaiteoir Éireannach ar an gCraobh Oscailte.
Beidh bród agus áthas ar lucht leanúna spóirt ar fud na hÉireann agus ar Éireannaigh ar fud an domhain de bharr a bhfuil bainte amach inniu aige, agus mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Shane as an éacht atá déanta aige, agus as a bheith ina eiseamláir dhearfach ar an gcúrsa agus ar shiúl ón gcúrsa araon.”