Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn comhghairdeachas le hUachtarán Tofa na Brasaíle, Luiz Inácio Lula da Silva

Dáta: Lua 31st Dei, 2022 | 09:51

Sheol an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn an litir thíos chuig Uachtarán Tofa na Brasaíle, Luiz Inácio Lula da Silva

 
31 Deireadh Fómhair 2022

 

A Sh. Luiz Inácio Lula da Silva
Uachtarán Tofa na Brasaíle

A Uachtaráin-Thofa da Silva, Luiz,

Is mian liom comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh leat, tar éis duit a bheith tofa mar Uachtarán na Brasaíle. Seolaim gach dea-ghuí chugat ar mo shon féin mar Uachtarán na hÉireann agus thar ceann mhuintir na hÉireann, ar do bhua sa toghchán.

Nuair a dhéanaim machnamh ar an gcor cinniúnach seo, cuimhním ar an gcruinniú is déanaí a bhí againn, go díreach deich mbliana ó shin in Sao Paulo, i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Tá na ceisteanna a phléamar go fóill ar intinn agam, mar shampla an imní a bhí ar an mbeirt againn maidir le dúshláin domhanda – todhchaí ár bpláinéid agus caomhnú ár dtimpeallacht, todhchaí na hAmasóine san áireamh. 

Tuigim, faoi do cheannaireacht, go rachfar i ngleic go críonna agus go tiomanta leis na dúshláin atá amach romhat. Smaoiním go hairithe ar obair an tírghráthóra Éireannaigh agus an daonnúlaigh Ruairí Mac Easmainn, ar son phobal dúchais cheantar na hAmasóine. 

Táim ag tnúth go mór le leanúint lenár gcomhoibriú iontach nuair a ghlacann tú le do ról nua, agus le forbairt a dhéanamh ar ár gcaidreamh gnaíúil, fuinniúil. 

Is léiriú é an nasc atá cruthaithe againn idir ár dá dtír de bhua cruthaitheach na mBrasaíleach a bhfuil a mbailte tógtha acu anseo in Éirinn, agus tá bród againn freisin in ionchur na nÉireannach sa Bhrasaíl. Táimid eolach ar na fréamhacha stairiúla inár stair, mar atá inár saolta oideachais agus cultúrtha. 

Is mór an t-aitheantas atá bainte amach ag pobal na Brasaíle as a ionchur in Éirinn, agus é tuillte go maith acu, ach is fiú go mór an ról speisialta a ghlac gairmithe agus cúramóirí sláinte Brasaíleacha a lua ó briseadh amach paindéim covid in Éirinn dhá bhliain go leith ó shin.  

Fiú agus iad chomh fada óna mbailte féin le linn na tréimhse dúshlánaí sin, 
léirigh siad i gcónaí cineáltas agus flaithiúlacht spioraid don té ba leochailí inár sochaí.

Is mian liom go dtiocfaidh tú ar cuairt go hÉirinn ar cheann de do chéad turas chun na hEorpa. 


Tuigim dá mbeifeá in ann glacadh leis an gcuireadh seo – a bheadh mar an chéad chuairt oifigiúil ó Cheann Stáit idir ár dá dtír ó mo chuairt chun na Brasaíle in 2012 – neartódh sé na ceangail stairiúla cairdis agus comhoibrithe idir ár muintir, anuas ar dheis a chruthú dúinn plé a dhéanamh, ba mhór agam é. 


Le gach beannacht agus ag guí gach rath ort don tréimhse atá le teacht.

 

Le gach dea ghuí,

Michael D. Higgins

Uachtarán na hÉireann

President of Ireland