Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn tús lena chuairt oifigiúil chun na Seineagáile

Dáta: Mái 24th Ean, 2023 | 00:01

Cuirfidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn tús lena chuairt oifigiúil ar Phoblacht na Seineagáile. Thaisteal an tUachtarán chun na Seineagáile faoi scáth Uachtarán na Seineagáile agus Cathaoirleach reatha an Aontais Afracaigh, Macky Sall, agus Uachtarán Bhanc Forbartha na hAfraice, Dr Akinwumi Adesina. Tabharfaidh sé aitheasc tosaigh agus deiridh ag Cruinniú Mullaigh Dakar 2, ‘Feed Africa: Food Sovereignty and Resilience’, a reáchtálfar Dé Céadaoin go Dé hAoine.
 
Beidh a bhean, Saidhbhín, in éineacht leis an Uachtarán, chomh maith le Seán Fleming TD, Aire Stáit ón Roinn Gnóthaí Eachtracha le freagracht speisialta don Fhorbairt agus Diaspora Idirnáisiúnta.
 
Beidh cruinniú déthaobhach ag an Uachtarán leis an Uachtarán Sall in Palais Présidentiel in Dakar, maidin inniu. Le linn an chruinnithe sin, táthar ag súil go bpléifidh an bheirt Cheann Stáit réimse ábhar a bhaineann leis an gcomhdháil, san áireamh; ceisteanna struchtúrtha maidir le soláthar bia, athrú agus ceartú aeráide, fairsingiú fásaigh, cearta daonna, cumhachtú ban, agus ról na n-institiúidí iltaobhacha leis na spriocanna seo a bhaint amach. 

Déanfaidh an tUachtarán comhbhrón ó chroí leis an Uachtarán Sall, ar a shon féin agus thar ceann mhuintir na hÉireann, as na beatha a cailleadh go fánach in dhá timpiste bóthar in Kaffrine agus Louga níos túisce an mhí seo. 

I ndiaidh a chruinnithe leis an Uachtarán Sall, taistealóidh an tUachtarán Ó hUigínn chuig Oileán Gorée, áit a mbeidh Méara Oileán Gorée, Augustin Senghor, ina theannta ar chuairt threoraithe ar ‘Maison des Esclaves’ le Coimeádaí na hiarsmalainne, Eloi Coly agus Stiúrthóir Institiúid Gorée, Doudou Dia.
 
Is iarsmalann agus ionad cuimhneacháin é ‘La Maison des Escalves’ agus ‘Door of No Return’ d’íospartaigh thrádáil thrasatlantach sclábhaithe. Tá cuairt tugtha ag an Uachtarán Nelson Mandela, Pápa Eoin Pól II agus Uachtarán Barack Obama ar an ionad seo cheana. 
 
Níos déanaí an tseachtain seo, tabharfaidh an tUachtarán dhá aitheasc ag Cruinniú Mullaigh Dakar 2 – aitheasc tosaigh dar teideal “To Make a New Journey of Sufficiency – From Our Origin, Africa” agus aitheasc deiridh, “Going Forward with Best Approaches”. 

Tiocfaidh 25 Cheann Stáit agus Rialtais, Airí Rialtais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais de chuid na hAfraice le chéile ag an gCruinniú Mullaigh, mar aon le heagraíochtaí iltaobhacha, ENR, geallsealbhóirí earnála príobháidí, scoláirí agus ealaíontóirí.  

Ag deireadh an chruinnithe mhullaigh, táthar ag tuar go dtabharfaidh Ceanna Stáit gealltanais do Chomhshocruithe Seachadadh Bia agus Talmhaíochta go mbainfear amach ocras ar bith, anuas ar chreataí a mhaoiniú, freisin. 
 
Anuas ar a aithisc, beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Uachtarán Ó hUigínn ag an gCruinniú Mullaigh le Ceanna Stáit eile, ina measc: Uachtarán na Nigéire, Muhammad Buhari agus Uachtarán Shiarra Leon Julius Maada Bio, chomh maith le hUachtarán Bhanc Forbartha na hAfraice, Dr Akinwumi Adesina, agus Uachtarán an Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta, Alvaro Lario.

Freastalóidh sé freisin ar imeachtaí faoi scáth Cheann Stáit éagsúil ar fhorbairt Chomhshocruithe Seachadadh Bia agus Talmhaíochta dá dtíortha.