Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Buaileann an tUachtarán lena Mórgacht Ríoga, Banphrionsa Maha Chakri Sirindhorn na Téalainne

Dáta: Lua 1st Meá, 2014 | 12:49

Bhuail an tUachtarán Michael D. Higgins lena Mórgacht Ríoga, Banphrionsa na Téalainne, Maha Chakri Sirindhorn, in Áras an Uachtaráin inniu. Agus tagairt á déanamh acu do cheapadh chéad ambasadóir cónaitheach na hÉireann chuig an Téalainn, phléigh siad an caidreamh cairdiúil idir an dá thír.

Rinne siad plé leathan, freisin, ar roinnt ceisteanna arbh inspéise agus pearsanta iad dóibh beirt agus san áireamh bhí an eacnamaíocht inbhuanaithe, an eolaíocht, an cultúr agus an teicneolaíocht.

Tháinig Tionscnamh Eitice an Uachtaráin chun cinn sa phlé ar riachtanais agus teastálacha sa tsochaí agus thug an tUachtarán chun cuimhne a chuairt deiridh ar an Téalainn in 1997, áit a bhfaca sé na deacrachtaí a bhaineann le hamhantraíocht eacnamaíochta ar an láthair.