Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Comóradh á dhéanamh ag an Uachtarán ar Bhliain Idirnáisiúnta Folláine Plandaí 2020 na NA

Dáta: Céa 15th Ean, 2020 | 17:06

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn tús na Bliana Idirnáisiúnta Folláine Plandaí 2020 a chomóradh trí chrann a chur i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath inniu.

Tá cosaint acmhainní nádúrtha an phláinéid ina théama lárnach dá uachtaránacht ag an Uachtarán Ó hUigínn; chuir sé dair Ghaelach dhúchasach ag Caisleán Bhaile an Ásaigh, chun aird a tharraingt ar thábhacht folláine plandaí i mbaint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a aontaíodh sna Náisiúin Aontaithe.

D’eisigh an tUachtarán an ráiteas seo a leanas:

“Is cuid ríthábhachtach, ní hamháin den timpeallacht nádurtha, ach chomh maith leis sin de shláinte agus d’fholláine an duine atá sna plandaí, mar go gcuireann plandaí ocsaigin agus an chuid is mó den bhia a itheann daoine ar fáil.”

Trí thacaíocht a thabhairt don Bhliain Idirnáisiúnta Folláine Plandaí, tá súil ag an Uachtarán Ó hUigínn feasacht ar an mbithéagsúlacht a mhéadú agus béim a leagan ar an gcaoi ar féidir le gníomhaíochtaí an duine na dálaí a chruthú chun go dtiocfaidh rath ar phlandaí agus ar éiceachórais.  

Thapaigh an tUachtarán an deis, freisin, le haird a tharraingt ar thionchar an athraithe aeráide, agus go háirithe a thionchar ar phobail leochaileacha ar fud an domhain.  

“Is ceist mharthanais ann féin atá sa ghníomh práinneach agus sa leasú beartas idirnáisiúnta,” a dúirt sé mar fhocal scoir.